Page:Mo sgeal fein.djvu/215

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

chathaoir, agus na h-uais ale bhí chun cainte dhéanamh bhíodar ar na caráistíbh fada lasmuich de dhorus tíghe an Athar Tomás mac Muiris. Chómh luath agus chonaic na daoine go raibh an chaint le tosnughadh do bhrúghadar isteach tímpal ar na caráistíbh fada. Deir daoine a bhí ann agus do thuig an sgéal, go raibh tímpal ocht míle duine bailighthe isteach tímpal ar na caráistíbh. Má bhí, do gheóbhadh, gan aon dabht, fiche míle duine slígh ar an gcearnach. Bhíos féin ar cheann des na caráistíbh, agus bhí radharc maith agam ar na daoine a bhí ann agus ar an slígh a bhí lasmuich dhíobh mór-thímpal. Ní fheaca oiread agus aon “pheeler” amháin i n-aon áit ar an bhfatha, ná thíos ar an sráid.

Ní raibh an chaint ach díreach ag tosnughadh nuair a thugas fé ndeara suathadh éigin thoir thíos ar imeal an tslóigh. Bhí tímpal fiche “peeler” agus fear nótaí thógaint eatartha, agus iad a d’iaraidh é bhreith leó suas chun na h-áite ’n-a raibh an chaint le déanamh. Ní raibh aon bhac i n-aon chor ortha gabháil tímpal, agus níor thímpal mhór é, ar an dtaobh thuaidh nó ar an dtaobh theas des na daoine. Ní raibh aon bhreith i n-aon chor acu ar é bhreith leó isteach tré lár na ndaoine, mar bhí na daoine ró bhrúighte ar a chéile. I n-inead gabháil tímpal is amhlaidh a bhrúghadar isteach ins na daoine. Bhí na daoine a d’iaraidh slígh dhéanamh dóibh, ach bhí san ag teip ortha, nídh nár bh’ iongnadh. Ansan, nuair ná déanfadh na daoine an rud nár bh’ fhéidir a dhéanamh, d’árduigh na “peelers” a mbaitíní agus bhuaileadar na daoine. Má bhuaileadar, bhí baitíní lámh ag formhór na ndaoine agus nuair buaileadh iad do bhuaileadar i bhfreagairt. Do theith na “peelers” láithreach, iad féin agus an fear nótaí. Cheapas go mbéadh suaimhneas againn ansan, ach ní