Page:Mo sgeal fein.djvu/213

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

naoi gcéad a dódhéag. Ach isé an Carson céadna é a bhí ’n-a aturnae coróinneach ansúd sa bhliain úd d’aois an Tighearna míle ocht gcéad cheithre fichid a seacht. Níor chuir na chúig bhliana fichid atá imthighthe ó shin aon fheabhas air.

Is chuige do shuidh an chúirt sin ’ná chun Liam ua Briain, M.P., agus Seághan Mandeville do chur ar a dtriail mar gheall ar chaint éigin phoibilídhe a bhí curtha ’n-a leith, agus a bhí, dar le riaghaltas na h-uaire sin, i gcoinnibh na dlíghe.

Bhí órdughadh fághalta ag an mBrianach agus ag Seághan Mandeville teacht agus a dtriail do sheasamh i dtaobh na cainte a bhí curtha ’n-a leith. Níor thug aoinne acu aon toradh ar an órdughadh. Níor thánadar chun na cúirte. Murar thánadar-san, amhthach, tháinig daoine eile, agus ní chun na cúirte do thánadar. Thánadar go Baile Mhistéala chun a chur i n-úil go raibh fearg agus fíoch ortha féin agus ar an bpoibilidheacht go léir mar gheall ar an éagcóir a bhí le déanamh sa chúirt sin an lá san, nuair a bhí briseadh dlíghe le chur i leith daoine toisg gur labhradar ar son an chirt agus i gcoinnibh éagcóra.

Chuaidh mórán daoine ó Dhún ar Aill go Baile Mhistéala an lá san. Chuas féin ann i n-aonfheacht leó. Nuair a shroiseamair Baile Mhistéala ní fheacamair puínn daoine ann. Bhí na daoine a shrois an áit romhainn bhíodar imthighthe amach as an sráid, ar bhóthar Luimníghe, i gcoinnibh na ndaoine a bhí ag teacht an treó san, chun go ndéanfaidís siúbhal i n-aonfheacht leó thar n-ais isteach sa tsráid. Bhíomair-ne tamall maith ag feitheamh leó ag dorus tíghe an Athar Tomás mac Muiris. Tá spás breagh fada fairsing ó’n dtigh go raibh an sagart ’n-a chómhnuighe