Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/171

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

157

Níor leig Donnaċ o Brian air, gur ċualaiḋ sé é aċt fuair an buaċaill boige éigin uaiḋ ó’n lá sin amaċ.


Nuair a luaiḋtear an dias garlaċ
Is gnáṫaċ leó a ḃeiṫ gráḋaċ carṫanaċ.



An té tá ṡíos, buailtear cos air,
An té tá ṡuas, óltar deoċ air.



Tearr teann,
Fada fann.



Is mairg an niḋ bréunra gan síol,
Is mairg a ḃeiṫ i dtír gan a ḃeiṫ tréiḋeaċ,
Is mairg an niḋ cóṁraḋ gan slaċt,
Agus is mairg naċ g-cuireas smaċt air a
ḃeul.



Cóṁairle do ṫaḃairt do ḋuine borb
Ní ḃfuil ann aċt niḋ gan ċéill,
Go g-claoiḋtear é ’nna loċt
’S go ndítear é ’nna aiṁleas féin.



Sláinte d’á ḃfuil i n-Eirinn
’S i g-Condaé Ṁuiġ-Eó,
’S an té naċ maiṫ leis go maiṫ sinn
Ná raiḃ sé ḃfad beó.