Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/170

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

156

RANTA AGUS CEAṪRAṀNA.

An buailteór do ḃ’ḟearr ’san tír, is é seó an gleus buailte d’iarr sé.

Colapán coll
Buailtín cuilin,
Urlar lom
Agus aon ṗunnann.


Ḃí buaċaill boċt ann, aon uair amáin, agus ḃí sé air aimsir, le máiġistir cruaiḋ, a ḃḋeaḋ ag cur oibre air o ṁaidin go h-oiḋċe, go raiḃ sé cráiḋte gan sgiṫ gan suan. D’ḟan an gasún go ḃfacaiḋ sé go raiḃ a ṁáiġistir ag éisteaċt leis, agus duḃairt sé ann sin i rioċt go g-cluinnfiḋe é. “Oċón í ó! tá ’n lá rófada, agus an obair atá agam le deunaṁ!” Agus ġaḃ sé an rann so.

Brón ort a ġrian
’S maiṫ é do ċiall
Ní raiḃ tu ariaṁ air aimsir,
Dá g-caiṫfeá aċt bliaḋain
Le Donnaċ o Brian
Do ḃeiḋeá dul siar i g-“canter.”