Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/172

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

158

Ná creid fionóg agus na creid fiaċ
Agus ná creid briaṫar na mná,
Má ’s mall no luaṫ éireóċaiḋ an ġrian
Mar ṫógróċaiḋ Dia béiḋ an la.



Sáḃáil m’ḟeur le teas na gréine
’S mise mo ḃannaiḋ béiḋ páiḋe do laé
’gad.



Is fuaṫ liom cláirseaċ gan teudaiḃ,
Is fuaṫ liom breuga gan ḃinneas,
Is fuáṫ liom trompa gan teanga,
’S is fuaṫ liom táilliúr gan deiṁeas.



Ceiṫre Sacsonaċ naċ ḃfuil sanntaċ,
Ceiṫre Franncaċ naċ ḃfuil buiḋe,
Ceiṫre gréasaiḋ naċ ḃfuil breugaċ,
Sin ḋá-ḋéag naċ ḃfuil ’san tír.



Cia bé ṫéiḋeann as, no naċ dtéiḋeann as,
Ni ṫeiḋeann fear an eadarsgáin as.