Page:Leabhar na Polainne.djvu/95

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
91
LEABHAR NA PÓLAINNE.


7. Do chaithedar na Comhachta uatha an chloch a bhí agaibhse i gcóir foirgnimh na hEorpa, agus féach, déanfidh den chloich sin cloch chúinne agus cloch eochrach dfoirgneamh na haimsire atá le teacht, agus an té ar a dtuitfidh an chloch meilfar é, agus an té a bhuailfidh ina coinnibh, tuitfe sé ar lár.

8. Agus ní fhanfidh cloch ar muin chloiche de thigh mhór polaitíochta na hEorpa.

9. Oir, aistreofar suíchán na Saoirse.

10. A Ierúsalem, a chuirean chun báis na daoine a labhran ar shaoirse, cuirean tú chun báis do chuid fáigí; agus an pobal a chuirean a gcuid fáigí chun báis, buailid siad buille sa chroidhe orra féin, mar a dhéanfadh fear buile nó fear a thabharfadh anchor air féin.

11. Tiocfidh leattrom mór ar Iúda agus ar Israel.

XXIII.

1. A rialtóirí na Fraince agus a lucht teagaisc na Fraince, a bhíon ag caint ar Shaoirse agus a dheinean fónamh don tíorántacht, caithfar sibh isteach idir bhur náisiún agus an tíorántacht iasachta fé mar a caittear an barra fuar-iarainn isteach idir an inneoin agus an t-órd.

2. Agus be sibh dbur mbualadh agus an dríodar agus na spréacha a bainfar asaibh léimfid siad go críochaibh an domhain, agus déarfid na náisiúin: Dar fia ach gur geall le bualadh i gceártain ifrinn an mór-bhualadh atá ar siúl ansan.

3. Agus screadfa sibh ar an órd, sé sin, bhur náisiún: A náisiúin, maith dhúinn agus stad den bhualadh, óir do dheineamair trácht ar Shaoirse. Agus