Page:Leabhar na Polainne.djvu/94

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
90
LEABHAR NA PÓLAINNE.

bhfuil an mhallathacht agus an daoirse agais lucht na n-oifigí in uachtar ann, crothidh an ceo dbur mbrógaibh, agus deirim libh le fírinne, is saoire bhí an scéal ag Toulon nó ag Nantes nó ag Lyons i laethibh na Có-dhála ná mar a bheidh ag an gcathir sin i laethibh Có-chumann na hEorpa.

3. Oir, nuair a bheidh an tSaoirse ina suidhe í bpríomh-chathir an domhain isea thabharfa sí breith ar na náisiúnaibh.

4. Agus déarfa si leis an gcead náisiún: Féach, thugadar foghluithe fúm, agus do ghlaodhas ortsa, a náisiúin, chun blúire iarainn agus lán doirn de phúdar do shíneadh chugam chun me féin do chosaint, agus thugais dom tráchtas i bpápéar nuachta. Agus déarfidh an náisiún i bhfreagairt: Cathin a ghlaodhais orm? Agus freagróidh an tSaoirse, á rádh: Do ghlaodhas ort tre bhéal na n-oilithreach so, agus níor thugais cluas dom; imig, dá bhrí sin, chun daoirse, mar a mbeidh feaduíol na sciúirse, agus fuaim na bhfógraí ndian agus iad ag bualadh ar a chéile.

5. Agus labharfidh an t-Saoirse leis an dara náisiún mar seo: Bhíos i nguais agus d’iarras cúnamh ort, agus tearmann do dhlithe, agus níor dheinis ach reachtaí do stealladh liom. Agus freagróidh an náisiún agus déarfidh: A ríogan, cathin a tháinís chugam? Agus freagróidh an tSaoirse: Thánag chugat i riocht na n-oilithreach so, agus thugais tarcuisne dhom; imig, dá bhrí sin, chun daoirse, mar a mbeidh feaduíol na sciúirse, agus fothram na bhfógrai ndian agus iad ag bualadh ar a chéile.

6. Le firinne adeirim libh go mbeidh bhur n-oilithreacht ina ceap tuisle dosna Comhachtaibh.