Page:Leabhar na Polainne.djvu/96

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
92
LEABHAR NA PÓLAINNE.

déarfidh an t-órd: Bfada ó chéile gníomh agus caint agaibh. Agus beidh tuille fuinnimh leis an órd ag teacht anuas ar an mbarra arís dó.

4. Agus screadfa sibh ar an dtíorántacht iasachta, sé sin, ar an inneoin bhodhair, agus déarfa sibh: A thíorántacht, do dheineamair seirbhís duit, bain det chruadas; bí ar oscailt, go dtéimíd i bhfolach ar an órd. Agus déarfidh an tíorántacht: Bfada ó chéile gníomh agus caint agaibh. Agus iompó sé drom fuar cruaidh libh, agus beidh an barra dá bhualadh agus dá ath-bhualadh go mbe sé thar aithint.

5. A rialtóirí Shasana agus a lucht teagaisc Shasana, bíon sibh lán d’uabhar mar gheall ar an mbunadh dár díobh sibh agus deirthí: Tiarna ab ea mo shean-athir agus rí ab ea mo shin-sean-athir. Dá bhrí sin bíodh caradas agus muintearthas againn lenár gcomhursain, ríthe agus tiarnaí na hEorpa. Ach féach tiocfidh an lá ’na screadfa sibh ar bhur náisiún: Comaraighe ar n-anama ort! Oir, ní raibh rí ná tiarna ná fiu amháin esquíre ar ár gcine riamh.

6. Agus sibhse, a cheannuithe agus a shiopadóirí an dá náisiún, atá lán de dhúil san ór agus sa phápéar a thugan ór isteach chugaibh, do chuiriúir amach bhur gcuid chun na Saoirse do bhrúth fé chois, ach tiocfidh an lá agus lighfe sibh agus cognó sibh pápéar agus ni chuirfidh éinne arán ná uisce ag triall oraibh.

7. Do chualúir trácht ar aimsearaibh gorta a bhí chó cruaidh sin gur ithedar máithreacha a leanbhaí féin; ach is scanrúil an t-ocras a bheidh oraibhse: deirim libh go mbainfe sibh na cluasa dhíbh fein agus bhur gcomhursanaibh agus go ndéanfa sibh iad de bheirbhiú agus d’ithe. Oir, dáltha na gcuirptheach, tá tuillte agaibh gan cluasa bheith oraibh.