Page:Leabhar na Polainne.djvu/65

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
61
LEABHAR NA PÓLAINNE.


13. Agus an t-airgead a bheidh spártha ó nbhur mbéal agaibh an lá san tugaidh dosna sinsearaibh é chun bhur máthar, dhun bhur dtíre, do chothú. Ní choiscfidh rialtas ar bith a lithéid de shollamhnú, agus ní gá tithe móra do ghlacadh ná cruinniú ar na sráideana ag déanamh collóide.

14. Ná deinidh aithris ar ghléas éadaig lucht na híodhaldachta. Oir, an lucht íodhal-adhartha na gcomhnuighean sibh ina measc, ba mhaith leo a mbreitheamh a dhéanamh onórach, agus ní le dílse don cheart é ach le héide. Agus gléasaid siad iad féin i gcorcur agus in eirmín, i ribíníbh agus in órnáidíbh, agus is cosúil iad leis na striapacha, a éaduighean iad féin i mbán agus i ndearg agus a chuirean órnáidí orra féin, agus dá ghráinne iad gurb ea is maisiúla bhíon a gcuid éadaig.

15. Sibhse go léir, idir óg is críonna, caithidh czamara an éirithe amach, óir is saighdiúirí leis an athardha ina héirghe amach sibh go léir. Czamara isea a tugtar, sa Pholannais, ar an aibíd a cuirtar uime dhuine agois é ag dul chun báis.

16. Agus tá a lán agaibhse a gheoidh bás in aibíd an éirithe amach. Agus ba chóir daoibh uile bheith ullamh ar bhás dfáil.

17. D’aithneoch éinne, fé aibíd an éirithe amach, an curadh do rug bua ag Wawer, nó an curadh do bhris cath ar an namhaid ag Stoczek, nó an ceann feadhna do sheol an slua tharnais ón Lituáin, nó an fear a bhí i gceannus reisimeint Wolhynie, nó an laoch adubhairt le linn an éirithe amach: A ógánacha, deinidh beart do réir mar atá curtha romhaibh agaibh; cuíridh cath ar an namhaid; agus na fir óga is túisce chuirfidh ruaig