Jump to content

Page:Leabhar na Polainne.djvu/64

From Wikisource
This page has not been proofread.
60
LEABHAR NA PÓLAINNE.


5. Is maith is eol do leaghaibh, an ghein a geintear ón athair a dheinean craos ar bhia agus ar dhig, gur ina gheilt a thagan an ghein sin ar an saol agus nách fada buan dó.

6. Mar sin de, tosnuighidh bhur gcóthionóil agfus bhur gcomhairlí ar nós bhur sinsear, le haifrionn d’éisteacht agus le corp Chríost do ghlacadh agus cinnfe sibh combairlí ciallmhara.

7. Ní fheacaidh éinne riamh easaontas idir dhaoine an lá théidís go débhóideach diadha chun comaoine, ná go mbíodh eagla orra an lá san.

8. Ag dul i gcomhairle dhaoibh, umhluighidh sibh féin in bhur n-aigne féin, óir ni bhion an aondacht ach mar a mbíon an umhluiacht.

9. Ní dubhradh riamh le daoine: “Arduighidh sibh féin chun na haondachta” ach “claonaidh chun na haondaohta.”

10. Agus an té gur mian leis barraí na gcrann do cheangal da chéile ni mór dó iad do lúbadh. Lúbaidh bhur résúin mar sin agus ceanglóid siad da chéile.

11. In bhur sollamhnaibh daoibh ná deinidh aon aithris ar lucht na n-íodhal. Oir, an lucht iodhal-adharthach na gcomhnuigihean sibh ina measc, coimeádaid siad a bhféilte náisiúnta, idir féilte áthis agus féilte dóláis, ar an gcuma gcéadna i gcomhnuí .i. le fleadh agus le féasta: a mbórd is altóir acu agus a mbolg is Dia acu.

12. Ach sibhse, sollamhnuigihidh bhur bhféilte náisiúnta, féile an éirithe amach agus féile Grochów agus féile Wawer, sollamhnuighidh iad ar nós bhur sinsear, ag dul bhun an teampaill ar maidin agus ag déanamh troscaidh an lá go leir.