Page:Leabhar na Polainne.djvu/66

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
62
LEABHAR NA PÓLAINNE.

ar an dtíoránach, agus an fear is túisce ghlaofidh: Síos le Nioclás!—beidh a n-ainmneacha san i mbéalaibh feara an domhain.

18. Ach cé dhó gurb eol cad is ainm do rí Náiple nó do rí Shardinia, má tá an corcur féin umpa? Cé aige go bhfuil fios ainmneacha chlann na ríthe atá i dtíorthibh eile nó fios ainmneacha na marascal agus na ríhe féinne go bhfuil cuaillí ceannuis ag'us comharthí uaisleachta acu? Ca bhfios d’éinne é?

19. Agus an chuid eile acu, aithnightar a n-ainmneacha toisc a chuirptheacht agus a bhaoithe atáid, fé mar aithnightar, sa tsráid-bhaile bheag, ainm an mhór-fhoghluidhe bhóthir nó an ghaduidhe mhóir nó an chleasaidhe mhóir nó an bhriolláin a chaoluighean leis tríd na sráideana agus a chuirean na daoine ag gáirí uime

20. Agus is mar sin do ghlóire an tzar Nioclás agus an tzarin Don Miguel agus tzarin Mhodène agus mórán ríthe agus ministrí is eol daoibh.

21. Caithidh, dá bhrí sin, czamara an éirithe amach.

22. An té go dteastuighean culaith éadaig níos daoire uaidh agus go bhfuil an gustal aige chuige deineadh sé mar seo: más deich gcoróinneacha atá ar an gculaith eudaig, taréis an chulaith éadaig do cheannach dó tugadh sé uaidh deich gcoróinneacha eile chun na hathardha do chlúdach. Agus deinidh an ní céadna i dtaobh bídh agus lóistín, nithe ba chóir a bheith mar a bhíon ag an saighdiúir; má théid siad thairis sin, tugaidh rud éigin uaibh go fonnmhar.

23. Agus san am gcéadna ná cuiridh suim i mbia ná in éadaíbh ná i lóistín na comhursan. Ba chóir gur chuma libh cad a dhéanfadh daoine eile; mar is chun