Page:Leabhar na Polainne.djvu/56

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
52
LEABHAR NA PÓLAINNE.


12. Agus tá a lithéid sin de dhlí agus d’órdú i bhfeidhm insna cathracha godí an lá so agus collaid muintir na gcathrach go suaimhneasach.

13. ’Sí an Eoraip an chathair sin; agus is cuma an tóiteán nó an t-annsmacht, namhaid na hEorpa; agus isiad na Gearmáinig na codaltaig; agus isiad na Francaig agus na Sasanaig an mhuintir dfan ina seasamh insna dóirsibh; agus isiad na Polannaig na daoine misniúla.

VIII.

1. Bhí feirmeoirí i Sasana fadó agus mórthréada bó is caorach aca.

2. Ach ba mhinic na machtírí isteach ar a machairí ag déanamh díobhála.

3. Thugadh na feirmeoirí leo airm theine agfus gadhair agus théidis ag fiach agus ag marbhú na machtírí; ach nuair a comáintí na machtírí amach ar thaobh do chasaidís isteach ar thaobh eile, agus in aghaidh an aon mhachtíre amháin a marbhuightí d’eirigheadh deic gcinn eile amach. Ach bhiodh na feirmeoirí ag fiach i gcomhnuí i dtreo gur fágadh dealbh iad ó bheith ag beathú gadhar agiis ag ceannach arm. Agus bhí na tréada go léir ag dul ar neamhní.

4. Ansan do labhair feirmeoirí eile ba mhó ciall ná iad san agus dubhradar: Téimis níos sia ag lorg an bheithíg allta, téimís godí an choill agus dúisighmís é agus marbhuighmis ina ghnáthóig é. Ach thánadar na machtírí amach a’ coilltibh eile arís agus do creachadh na scológa agus do chailledar a dtréada.

5. Ar bheith creachta dhóibh, do chuadar ag triall ar a gcomhursanaibh agus dubhradar: Cruinnighmís na daoine go léir agus bímís ag fiach an bhliain go léir