Page:Leabhar na Polainne.djvu/57

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
53
LEABHAR NA PÓLAINNE.

godí go mbeidh an uile mhactíre san oileán díscithe againn; mar oileán isea Sasana.

6. Agus do ghluaiseadar, agus bhíodar ag fiach na machtírí godí go raibh an uile cheann díobh marbh aca; ansan do chuiredar na hairm uatha agus do scaoiledar uatha na conairteacha agus téid a reithí ag inníor gan aodhairí ó shin i leith.

IX.

1. Ar an dtaobh eile dhe bhí dúthig áirithe san Iodáil a bhí go torthúil fé rís agus fé chrannaibh ola, ach ba mhí-fholáin an áit é óir, sa tsamhradh, do thagadh as an dtalamh aníos gal ar a dtugtar malaria agus do leathadh an gal san éagcruas marathach mór-thímpal.

2. Agus is amhlaidh a dheinidís muintir na dúithe sin, cuid aca do leigint deatacha ar fuaid a dtithe chun an droch-ghail a mharbhú, agus mórán airgid a chaitheamh ar chumhrachtaíbh; agus cuid eile acu do dhéanamh portbhallaí ar án dtaobh thiar, mar is aniar a thagadh an phlaig; agus an chuid eile d’imeacht ó bhaile i gcóir an tséasúir mhí-fholáin; agus bhí san mar sin godí go raibh gachéinne marbh agus an áit ina fhásach agus gan ach tuirc i gcoilltibh na gcrann ola agus insna páirceana ríse.

3. Agus do shrois an malaria dúthig eile agus siúd ar siúl arís an obair chéadna godí go bhfuair na daoine an chomhairle seo ó dhuine chiallmhar:

4. Eirighean an droch-ghal san i bhfad uaibh, ar seisean leo; éirighean sé a’ riasc atá caogaid míle as so. Imighidh, mar sin, agus leigidh an t-uisce as an riasc san agus tiormuighidh é, i dtreo, ma gheibhean sibh bas don droch-ghal, go mbeidh bhur gcuid ag bhur