4. Sa tseanaimsir, nuair a tógadh an chéad chathir
riamh ar an dtalamh, do thárla tóiteán sa chathir sin.
5. D’eirig cuid desna daoine ina suidhe agus dféachadar amach an fhuinneog, ach nuair a chonacadar an tóiteán i bhfad amach uatha thugadar an leabaidh orra féin arís agus do thuit a gcodladh orra.
6. Agus nuair a chonaic cuid eile aca go raibh an tóiteán níba ghoire dhóibh dfanadar ina seasamh ar an dtairsig agus dubhradar: Cuirfímíd chun a mhúchta nuair a thiocfa sé chugainn.
7. Agus do neartuig ar an dtóiteán go mór agus do dhóig sé tithe na muintire dfan insna dóirsibh; agus an mhuintir bhí ina gcolladh do loisceadh maraon lena dtithibh iad.
8. Gan amhras bhí roinnt daoine misniúla ann agus nuair a chonacadar an tóiteán ag teacht do phreabadar amach as a dtithibh agus thánadar ag cabhrú leis na comharsain ba ghoire dhóibh; ach ó thárla ná raibh ionta ach buidhean bheag nior éirig leo.
9. Agus nuair a bhí an chathir ina luaithrig do thóg na comhursain agus na daoine misniúla san arís í le congnamh muintir na tíre go léir agus bhí si níba mhó agus níba mhaisiúla ná riamh.
10. Ach an mhuintir úd dfan siar ón dtóiteán agus nár dhein ach fanúint isna dóirsibh, do ruagadh amach as an gcathir iad. Agus fuaradar bás don ghorta.
11. Agus do deineadh an reacht so sa chathir sin, .i. muintir na cathrach go léir do rith chun gach tóiteáin sa chathir feasta agus uisce agus dréimirí agus crúcaí do bhreith leo, nó daoine do cheapa agus a bheith de chúram orra faire na hoíche dhéanamh agus an tóiteán do mhúcha.