agus greim do bhreith ar a n-oighreacht cheana féin agus ní thabharfadh sé a thuille dhoibh.
16. Ní raibh i ndán dóibh feasta ach an aindise. Nuair a fuair an t-athir eolas ar a n-imeachtaibh do chuir sé ó oighreacht iad, agus tugadh i ngeall don úsaire iad. Ag obair sa phrísún dóibh, do chuimhnighdar ar chomhairle a n-athar, agus dubhradar ina aigne: Faríor! nár éisteamair leis! Ach ó bhíodar lán d’uabhar, níor mhaith leo scríobadh chuige agus mathamhnachas d’iarraidh air, agus eisean ag gol ina ndiaig. Agus bíodh ná raibh aon náire orra roimis an saol go léir roime sin, bhí náire orra an uair sin roimis na daoine gan mhaith a bhí ag obair sa phrísún in éineacht leo, agus bhi eagla orra go n-abróch na daoine sin ina dtaobh: Táid siad lag-chroidheach; bíd siad ag gol agus ag lorg mathamhnachais ar a n-athir. Agus dfanadar mar sin gur rug an bás orra.
17. Nuair a chonaic na comhursain an méid sin dubhradar: Bhi na hóganaig sin ina mbuachaillí maithe faid a bhiodar ’na gcomhnuí i dtigh a n-athar; ach taréis na scoluiachta dfáil chuadar ar a n-aimhleas; ni foláir nó is droch-ní an léann; tógaimís ar gclann in ainbhfios ag^us in aineolas máisea.
18. Ach bhí ciall ag an athair agus níor chuir an méid sin aon droch-mhisneach air; do chuir sé sóisir a chlainne mac ar scoil, ach do chomhairligh sé dhóibh ceacht dfoghluim ó dhroch-shompla na ndritháireacha ba shine.
19. Agus níor dhearmhadadar riamh comhairle a n-athar, agus bhíodar chó maith chun an léinn agus a bhí na dritháireacha ba shine; ach do dheinidís a leas i gcomhnuí agus bhí meas orra, agus do chuir san ina