Page:Leabhar na Polainne.djvu/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
49
LEABHAR NA PÓLAINNE.

luighe ar na comharsain gur rud maith gurbh ea an léann, ach nár bhfoláir do dhuine rud do dhéanamh ar a athir i gcomhnui.

20. Agus féach, isí an Eaglais Chríostuidhe an t-athir, agus isiad na Francaig agus na Sasanaig agus na Gearmáinig na dritháireacha is sine agus isiad an cumpórd agus glóire an tsaoil seo an t-airgead, agus isé an t-áirseoir an t-úsaire, agus na Polannaig agus na hEireannaig agus na Beilgig agus na náisiúin eile go bhfuil creideamh aca, siniad na dritháireacha is óige.

VI.

1. Ce hiad na daoine is mó ’na mbíodh dóchas bhur n-athardha asta agus is mó ’na bhfuil dóchas aici asta godí anois féin?

2. Ni hiad súd ba mhaisiúla éadaighe agus do bfearr chun rinnce iad ná iad súd a mhaireadh i sóghaile agus i sáimhríocht óir ni raibh grá ag a bhfurmhór san don athardha;

3. Ná fós iad súd a dhein cogadh fadó agus ba mhó eolas ar conas cleasa cogaidh a dhéanamh agus conus cur síos ar chogadh agus ar conus leabhair chogaidh a scríobhadh, óir ní raibh creideamh ag á bhfurmhór san i gcúis a n-athardha.

4. Ní hiad san iad, ach iad súd ar a dtugtí Polannaig fhónta, lucht an chroidhe mhóir, agus fós na saighdiúirí simplí agus an t-aos óg,

5. Agus feach, is cosúil an domhan leis an athardha agus is cosúil le daoine na náisiúin. Na náisiúin chreideamhacha, atá lán de ghrá agus de dhóchas, isiad san dóchas an domhain.

6. Go deimhin, adeirim libh: ní hagaibhse atá síbhialtacht dfoghluim ó eachtrannaibh, ach is agaibhse