Page:Leabhar na Polainne.djvu/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
47
LEABHAR NA PÓLAINNE.


13. Nuair a chonacadar go raibh gachéinní ag éirghe leo do rug an t-uabhar greim orra agus dubhradar: Tá meas ag daoine orainn agus a chúis aca, mar táimídne níos foghlumanta ná a lán aca; ba chóir, dá bhrí sin, go mbeadh aoidheacht agus eudaighe níos fearr againne ná ag daoine eile agus go mbeadh aoibhneas agus pléisiur an tsaoil againn.

14. Ach toisc ná cuireadh an t-athir agf triall orra oiread airgid agus ba mhaith leo, mar ní bhfaghdís uaidh ach riar a gcáis de gan éinní i gcóir costaisí nea-ghátaracha do chuireadar suas de bheith ag scríobhadh chuige, agus do bhriseadar leis, agus bhíodar ad iarraidh airgid a sholathar, go macánta ar dtúis, agus ansan le hiasachtaí i ngeall ar a n-oighreacht, agus fuaradar úsaire thugadh iasachtaí dhóibh go fial, ag brath air go mbeadh a gcuid go léir aige sa deire thiar. agus a shúil lena gcreach. Ar ball, ámh, bhíodar go dubhach agus go mí-shuaimhneasach agus do mheasadar sólás do chur ar a gcroidhe le meisce agus le ragairne; agus dubhradar leo féin: D’innis ár n-athir dúinn roim ré cadé an t-aimhleas a dheinean meisce agus ragairne, ach táimíd éirithe suas anois agus is féidir dúinn féin ár ngnó féin do dhéanamh; tugaimís fé shólás a thabhairt dúinn féin le hól agus le pléisiúr ach cuirimís teora leis, mar is cóir do dhaoine ciallmhara.

15. Ach níorbh fhada go ndeagfhadar thar gach teorainn agus gur dhein meisceoirí críochnuithe agus lucht póit díobh, agus gur iompuighdar ina mbithúnachaibh chun airgid a sholáthar. Ar an dtaobh eile dhe, bhí an t-úsaire taréis barántas cúirte dfáil ina gcoinnibh