dacha agus ar amharclannaibh greanta agus ar bhóithribh móra leathana.
5. Agus dá dtagadh an págánach Rómhánach féin, ní áirighim an Críostuidhe, amach as an dtuama agus go bhfeicfadh sé iad súd a thugan daoine síbhialta orra féin, do thiocfadh fearg air agus dfiarfóch sé dhíobh go tur cadé an t-éileamh atá aca ar theidiol a ghluais ón bhfocal civis, .i. cathrathóir.
6. Ná bíodh meas chó mór agaibh, dá bhrí sin, ar na náisiúin atá dhá n-at le saibhreas saolta agus atá críochnúil, dea-órduithe.
7. Oir, más ar an náisiún saibhir, atá ró-thugtha do bheith ag ithe agus ag ól, is cóir díbh an meas is mó bheith agaibh, bíodh an meas is mó agaibh ar na daoine is compórdaighe agus is beathithe in bhur measc. Feuch, táid na treithe sin insna hainmhithe, leis; ach ni leor don duine iad.
8. Agus ma ’siad na náisiúin chríochnúla is fearr, is críochnúla na seangáin ná aon dream daoine; ach ni leor don duine bheith críochnúil.
9. Ma táid na náisiúin dea-órduithe gan locht, cé is fearr órdú ná na beacha; ach ní leor san don duine.
10. Oir, an tsíbhialtacht is oiriúnaighe don duine ba chóir gur shíbhialtacht Chríostuidhe gurbh ea í.
11. Bhi fear ann tráth agus clann mhac aige agus do thóg sé an chlann san le cráifeacht agus le sobhailceas sa bhaile; ar éigin a bhí blianta a naoidhandachta caitte aca nuair a chuir sé an chuid ba shine dhíobh ar árdscoil.
12. Bhíodar chó maith san agus chó dicheallach san go dtáinig meas ag gachéinne orra. Bhíodar ag dul ar aghaidh agus ag cur díobh in eolas fé shúilibh cách