Page:Leabhar na Polainne.djvu/43

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
39
LEABHAR NA PÓLAINNE

eamh é; agus a snáthad eolais, isé a ngrádh don athardha é.

8. Soillsighean an réalt don uile dhuine agus bion an tsnáthad ó thuaidh i gcomhnuí. Agus dá bhrí sin is féidir don bhád seoladh soir nó seoladh siar agus an tsnáthad san aici, ach in éamuis na snáthaide sin ragha sí amú ar faraigíbh an taoibh thuaidh féin agus brisfar í.

9. Mar sin tiocfidh bád na nOilithreach i gcuan agus i gcaladh-phort agus credeamh agus grádh dá stiúrú; ach in éamuis an chredimh agus na carthanachta, na puibleacha atá comhachtach agus tugtha don choga, raghaid siad amú agus brúfar iad. Agus an méid díobh a bhéarfidh a n-anam leo ní chuirfid siad an t-árthach i dtreo arís.

II.

1. Cad fá gur don náisiún so agaibhse tugadh oighreacht na saoirse atá le teacht ar an ndomhan?

2. An té go mbíon mórán daoine muinteartha aige, is eol daoibh nách ag an té is treise orra fhágann sé a oighreacht ná fós ag an té is dícheallaighe ná ag an té is mó eolais ar bhiathaibh deigh-bhiasta agus ar fhíontaibh sainiúla,

3. Ach ag an té is mó grádh dhó agus fhanan aige nuair a bhion an chuid eile ag rith i ndiaig airgid agus aoibhneasa agus sógha.

4. Agus sin é cúis ’nar fágadh oighreacht na saoirse ag bhur náisiún-sa.

5. Cad fá mar sin gur don náisiún so agaibhse a tugadh go bhféadfadh sí éirghe ó mharbhaíbh?

6. Ni mar gheall ar bhur náisiún a bheith comhach-