Page:Leabhar na Polainne.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
40
LEABHAR NA PÓLAINNE.

tach é mar bhí na Rómhánaig comhachtach agus táid siad marbh agus ní eireoid siad arís.

7. Ní mar gheall ar bhúr républic a bheith ársa agus mórchlúil é mar bhí Bhenis agus Genóa níb ársa agris níb aoirde clú, agus do hísligheadh iad agus níl i ndán dóibh aiséirghe.

8. Ní mar gheall ar eagna agnis ar fhoghluim bhur náisiúin é, óir, an Ghréag, máthir na bhfeallsamh, d’éag sí agus dfan sí ina luighe sa tuama go raibh a léann go léir dearmhadtha aici agus nuair a dhein náisiún simplí arís di, siúd ag tosnú ar bheith ag corruighe arís í.

9. Agus bhí foghluim agus eagna, leis, ag ríocht na hIarpháile agus ag ríocht na hIodáile agus ag ríocht na Tíre-fó-thuinn, a chonacúir féin ag teacht ar an saol agus ag dul chun báis agus ná heireoidh arís.

10. Ach sibhse, tógfar as an dtuama sibh, óir mairean creideamih agus grádh in bhur gcroidhe agus táthaoi lán de dhóchas.

11. Is eol daoibh gurbh é Lasarus an chéad mharbh a tharaing Críost as an dtuama.

12. Ní rí féinne ná saoi ná ceannuidhe a tharaing Críost as an dtuama, ach Lasarus.

13. Agus deir an Scríbhinn Diadha go raibh grádh ag Críost dó agus gurb é an t-éinne amháin ar ar ghuil Críost é. Agus cé, mar sin, atá ina Lasarus imeasc na náisiún fé láthair?

III.

1. A oilithrig Pholannaig, do bhís saibhir tráth, agus seo ag fulang dealbhais agus anróidh anois tú, ionnus go mbeadh ’s agat cad a bhaineann le dealbhas agus le hanródh, agus tareis filleadh chun do thíre