Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/65

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

PÓSAḊ ṪAIḊG ÓIG AGUS NELL ṀÁIRE AINDÍ

deas? Nuair a ċonnac ċuġam í ṁeasas go raiḃ sí ċun me ṗógaḋ arís agus ḃíos ag cúlaḋ uaiṫi.

“Caiṫfir-se teaċt liom-sa sa ġluaisteán,” ar sise.

“Raġad, am baic!” arsa mise, “má ṫugann tu geallúint dom.”

“Arú, cad é?” ar sise.

“Gan mé ṗógaḋ,” arsa mise.

Do ġáir gaċ aonne agus ḃí Nell ag gáirí leis.

“Ó, táim sásta,” ar sise, “téanam ort!”

Arú! is breá an rud mótar. Ḃain an suiḋeaċán preab asam, a ḋuine, nuair a ṡuiḋeas anuas de ṗreib air. Is láidir nár ċaiṫ sé i n-áirde san aer me, ḃí sé ċoṁ bog san. Nuair a ṡuiḋ úncail Nell im’ aice ḃain an suiḋeaċán preab as san leis, mar d’imiġ sé i ḃfad síos fé, gan ċoinne. “Ó ḋe, an diaḃal me!” ar seisean, leis féin, agus annsan do ġáireamair araon.

Annsan ḃain an tiománaiḋe casaḋ as rud éigin i dtosaċ an ġluaisteáin agus ṫosnuiġ glór uafásaċ éigin istiġ i mbolg an ṁótair. Ṁeasas féin gur tinneas a ḃí air. Ṡuiḋ an tiománaiḋe isteaċ agus as go bráṫ linn. Ḃí mo ċroiḋe im’ béal agam-sa go ceann tamaill mar ṁeasainn go raġaimís i n-áirde ar an gclaiḋe; aċ ba ḋóiġ leat go raiḃ ciall ag an ngluaisteán an tslí ṡeaċnuiġeaḋ sé gaċ aon rud.

Ba ṁór a’ spórt ḃeiṫ ag féaċaint ar ṡeanaṁná agus asail aca ag baint an ċlaiḋe amaċ nuair a ḃraiṫidís ċúċa sinn; agus níor leigeas-sa don aḋairc ar feaḋ na haimsire aċ ’á séideaḋ.

Nuair a ṫánamair go dtí an séipéal ḃí a lán de ṁuinntir an ḃaile ann agus ċuamair isteaċ. Ċuir an sagart Nell agus Taḋg ar a ḋá nglúin agus léiġ sé rud éigin as leaḃar agus duḃairt sé leo rud éigin a ráḋ ’na ḋiaiḋ agus duḃradar, aċ is ar éigean a ċloisfá Nell i n-ao’ ċor. Ḃí sí támáilte, tá ḟios agat. Annsan do ċuir Taḋg fáinne ar a méir agus b’ in pósta iad. Ní raiḃ a ṫuille ann. N’ḟeadar-sa cad ċuige a ḃíonn an gleo go léir i dtaoḃ pósta i n-ao’ ċor.

57