Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/66

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

Annsan seaḋ d’éiriġ an ċainnt. Ḃí gaċ aonne ag teaċt ċun na beirte agus ag croṫaḋ láṁ leo agus ag ráḋ, “Go mairir a ḃfuil nua agat!” agus ḃíoḋ mná ag pógaḋ Nell go dtáinig olc orm ḟéin ċúċa agus d’imiġeas ar fuaid na sráide. Ċuadar go léir isteaċ i dtiġ óil annsan agus ḃíodar ag rinnce agus ag ól agus ag aṁrán. Ag déanaṁ siar ar an tráṫnóna b’ait leat cuid de sna fearaiḃ. Ḃídís ag aṁrán agus greim láṁ aca ar a ċéile agus cainnt gan aon ċiall ar siuḃal aca; agus dá ḃfeicṫeá na pleiḋcí ag iarraiḋ a ċéile a ṗógaḋ, agus an pórtar ag tuitim as an ngloine ḃíoḋ ’na láṁaiḃ. Ċuirfidís muca i gcuiṁne ḋuit. Ḃí na daoine óga ar fad sa ċistin ag rinnce agus mileóidsinn ag sranntarnaiġ agus ag casaċtaiġ mar ċeol aca.

Tráṫnóna d’imiġ Nell is Taḋg sa ṁótar go dtí an traen agus ṫugadar mise leo go bun an ḃóiṫrín age baile. Im’ ṡuiḋe i n-aice an tiománaiḋe a ḃíos, agus mé ag faire ar gaċ aon rud a ḃíoḋ sé a ḋéanaṁ. D’ḟéaċas ṫaram siar aon uair aṁáin agus is aṁlaiḋ a ḃí Taḋg ag pógaḋ Nell; agus ní ṫug sí aon ċlaḃta baise ḋo mar ṫug sí an oiḋċe úd sa ḃóiṫrín. Baineaḋ anaṗreab as Nell nuair a ċonnaic sí mé ag féaċaint orṫa agus ċlúduiġ sí a haġaiḋ le n-a ḋá láiṁ agus ḃí sí ċoṁ dearg leis an dteine. Ḃí caṫú orm gur ḟéaċas i n-ao’ ċor.

Nuair d’imiġeadar uaim ag bun an ḃóiṫrín, an riaċ ná go dtáinig uaigneas orm ḟéin agus ḃíos i reaċtaiḃ guil, a ṁic ó! cé go raiḃ Taḋg taréis leaṫċoróin a ṫaḃairt dom. Nuair a ċuas isteaċ aḃaile b’éigean dom an scéal go léir d’innsint do Ċáit. Ḃí anaṡuim aici ann.

Ṫáinig Nell agus Taḋg aḃaile aréir—oiḋċe Ṁáirt Inide tá ḟios agat, agus caiṫeann gaċ aonne ḃeiṫ sa ḃaile roimis an gCarrġas. Go tiġ Nell a ċuadar agus is ann a ḃeiḋ Taḋg feasta adeir Mam, mar tá sé ’na ċliain isteaċ age Máire Aindí. D’ḟiafruiġeas de Ṁam an mbeidís sa ḃóiṫrín aon oiḋċe eile aċ is aṁlaiḋ do ḃuail sí mé agus duḃairt—“ḃfuil do ċeaċt agat?”

58