Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/64

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

gal do ċur amaċ tré na ṡróin. Ḃí Micilín ċoṁ maiṫ liom-sa ċuige sin. Annsan ṫugamair tamall eile d’iarraiḋ an gal do ṡlugaḋ. Ḃí Micilín breóite ag an dtobac agus ṫáinig daṫ glasḃuiḋe air. Nuair a ṫánamair araon ar scoil fuair an Máiġistir bolaṫ an tobac uainn aċ ní ḟuair sé aon toitín ’nár bpócaí mar ḃíodar go léir caiṫte againn. Fuaireamair léasaḋ mar sin féin, aċ ṫáinig scannraḋ ar an Máíġistir nuair do ḃreóitiġ Micilín tar éis é ḃualaḋ agus d’ḟág sé le hais na teine feaḋ an lae é.

Nuair a ḃíomair amuiċ lár an lae ċonnac féin an Máiġistir ag caiṫeaṁ toitíní agus é ag bladar leis na cailíní ata ag múineaḋ sa scoil eile.

Ḃíodar anaṁór tré ċéile i dtiġ Ṁáire Aindí go dtáinig lá an ṗósta. Ḃíoḋ na mná go léir istiġ ann gaċ oiḋċe agus ċuala Cáit ’á ráḋ go raiḃ gúna gleóite age Nell agus hata istiġ i mbosca agus cleite mór bán air. Ḃí sceitimíní ar Ċáit mar ġeall ar na rudaí a ḃí aici. ’Sé rud a ḃí ag cur tinnis ar na fearaiḃ ná “an lá” a ḃeaḋ aca. Ba ċuma leo-san i dtaoḃ an hata. Nuair a ċídís mise, ḃídís am’ ċeistiú mar ġeall ar mo ṫurus go dtí Peats Teaimí. Ġeiḃidís anaṡult sa scéal, a ḋuine. “Agus cad duḃairt sé annsan, a Jimín?” adeiridís.

D’innsinn dóiḃ agus ċuiridís liú gáirí asta. Is dóiġ liom go raiḃ Peats ’na ċoiliċín paor ag an ndúṫaiġ. Duḃradar liom go raiḃ sé ’á ḃagairt go marḃóċaḋ sé mise; aċ duḃairt Taḋg Óg go gcosnóċaḋ sé féin me. Fear mór láidir iseaḋ Taḋg.

Ḃí rí-rá mór ar an mbaile maidin an ṗósta. Ḃí a ċulaiṫ Doṁnaiġ ar gaċ aonne aċ ar Ḋaid. Ċongaiḃ Mam sa ḃaile é sin. Ṫáinig ḋá ġluaisteán ón nDaingean ċun luċt an ṗósta a ḃreiṫ go dtí an séipéal. Ċuaiḋ luċt an ḃaile ann ar ċóistí agus ar ṫrucaillí. Ní ḃeaḋ Nell sásta gan mise ḋul léi ’na gluaisteán féin. Ḃí sí go deas, a ḋuine, agus ḃí a súile agus a béal ag gáirí. N’ḟeadar connus a ḋeineann na cailíní iad féin ċoṁ

56