Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/63

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

PÓSAḊ ṪAIḊG ÓIG AGUS NELL ṀÁIRE AINDÍ

ná raiḃ ḟios agam-sa. Ṫugas cuid den uḃall do Ċáit. Annsan ċuamair a ċodlaḋ ; aċ ní a ċodlaḋ ċuaiḋ Mam aċ suas go tiġ Ṁáire Aindí agus is dóċa gur ag cadráil ṫugadar cuid ṁaiṫ den oiḋċe.

Ṗreabas as an leabaiḋ nuair ċuala ag teaċt í agus ḃíos leaṫslí síos an staiġre nuair ṫáinig sí isteaċ.

“Cad deir Máire Aindí anois le Taḋg Óg, a Ṁam?” arsa mise.

“Téire ’on leabaiḋ,” ar sise, “agus ná bí id’ ġeilt annsan.”

“Á, ’Ṁaimí, innis dom é,” arsa mise, “an raiḃ Taḋg Óg ṫuas faraiḃ?”

“Ḃí,” ar sise.

“Raiḃ sé féin agus Máire go mór le ċéile?”

“Ḃíodar,” ar sise.

“Hurú!” arsa me féin, agus riṫeas isteaċ go dtí seomra Ċáit agus rugas ar ṡróin uirṫi agus ḋúisiġeas í.

“Cad tá ort arú?” ar sise.

“Píosam, pósam,” arsa mise, “prátaí rósta, bainne do ḃó-sa is bainne mo ḃó-sa, táṫaoi pósta, imiġiḋ an bóṫar! Hurú! Hí-ú!” arsa mise. Aċ ċuala Mam ag teaċt agus b’éigean dom riṫ.

“Tánn tú ait,” arsa Cáit, agus ċuir sí osna codlataċ aiste.

Ar maidin nuair a ḃíos ag dul ar scoil ḃí Nell Ṁáire Aindí ar an mbóṫar ag bun an ḃaile. Ġlaoiḋ sí orm, agus, a ṁic ó, sara raiḃ ḟios agam faic, rug sí orm agus ṫug sí fámaire de ṗóig dom. Ba ċuma liom, aċ ḃí Micilín Eoin díreaċ ag gaḃáil anuas an casán agus ċonnaic sé í. Ṫáinig olc orm ċúiċi. Piú! póganna! Bíonn cailíní i gcoṁnaiḋe ag pógaḋ daoine agus ċuirfidís déistin ort. Scríobas an ṗóg dem’ aġaiḋ lem’ ṁuinirṫle agus d’imiġeas. Ḃíomair leaṫslí ar scoil nuair ċuireas láṁ im’ póca agus cad do ġeoḃainn ann aċ leaṫċoróin. Ḋearṁadas an tseanaṗóg, deirim-se leat. Ċeannuiġeamair bosca toitíní ag an dTobar agus ḃíomair ag féaċaint ciaca ’gainn araon d’ḟéadfaḋ an

55