Rugas ar arc luaċra a ḃí fé ḋa ċaḋran ṁóna, agus ar ċeann de sna loscainn a ḃí, leis, ann. Ḃí an loscann im póca agam agus nuair a ḃí Taḋg Mór ag ól sáspain den rud duḃ ċuireas an loscann isteaċ ann gan ’ḟios dó.
Á ṁeas a ḃíos go sloigfeaḋ sé an loscann, mar ba ṁaiṫ liom Taḋg d’ḟeiscint nuair a ḃeaḋ an t-ainṁí ag léimniġ istiġ ann.
Aċ nuair a ċuir sé an sáspan ar a ċeann ṫáinig an loscann aníos ċuige agus ċuir Taḋg béic as agus ċaiṫ sé uaiḋ an sáspan.
Ċaiṫ sé aṁras láiṫreaċ ar Ḋonnaiċín Eoin— gurḃ é ċuir an rud ċuige—agus ḃí sé ag éirí crosta. Ḃí aiġneas mór ar feaḋ tamaill ann mar ḃi néall buile ar Ṫaḋg Ṁór agus ní éisteoḋ sé le haon réasún go ceann i ḃfad.
Ḃíos féin ag breiṫ ṡugam, ’om baic! agus d’imiġ an loscann de léim den bport síos i bpoll eile.
I gcionn tamaill ċromadar go léir ar ubair arís agus gan focal astu; aċ anois is arís ḃriseaḋ a ġáire amaċ ar ḋuine éigin agus ḃídís ag sciṫiríl ċucu féin.
Níor ṁór dom féin dul ag píceáil. Ḃí sé deas go leor ar feaḋ tamaill, aċ ansan ċuaiġ iia fóid i dtroime, ṁeasas, agus ṫáinig teas ar mo ḃaisíní agus d’imiġ an spórt as an scéal dom. Ní ḟéadfainn stad, mar ḃí na fóid ag teaċt ró-ṫiuḃ orm agus ċeanglaíoḋ cuid acu ar an bpíce nuair a ḃínn á gcaiṫeaṁ uaim, agus ní mór ná go leagaidís mé.