Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/82

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
76
JIMÍN

tusa ag tarraing air, agus lúb ina ṁuineál aige, agus a ṗus ċoṁ fada siar lena eireaball aige leis an straiḋn, agus ní stopfaḋ Éire é go mbuailfeaḋ sé i gcoinne claí nó rud éigin. Níorḃ aon ṁaiṫ “Ḃaoi” a rá leis.

Ṫáinig Mam suas liom leis na sáspain agus dúirt sí liom go raiḃ ’ḟios aici go maiṫ go gcaillfinn na sáspain. Sin é deir sí le gaċ rud—go raiḃ ’ḟios aici féin go maiṫ é. Tá Mam an-smeartálta.

B’áil le Dia gur ḃaineas amaċ an portaċ gan aon óspairt eile. Nuair a ṫángas ann ḃíodar ag gaḃáil díom i dtaoḃ a ḃeiṫ fada ag teaċt. Ní raḃas fada ag teaċt, aċ is aṁlaiḋ a ḃí an iomarca den dúil acu féin sa rud duḃ a ḃí sa ṗróca ṁór cré. Ní túisce ḃíos tagaiṫe ná ṫógadar as an gcliaḃ é agus fuair gaċ duine acu taoscán sáspain de, aċ Taḋg Óg. Ní ólfaḋ Taḋg Óg in ao’ ċor é.

Bi Taḋg ar an sleán an lá go léir agus ceaṫrar ag píceáil ina ḋiaiḋ, ag caiṫeaṁ na ḃfód ó ḋuine go duine.

Mise ba ċócaire. Ḃailíos cipíní giúise agus caḋráin tiorma, agus d’adaíos tine i lár an ṗortaiġ.

Líonas an citeal as poll uisce ḃí in aice liomi aċ is láidir nár ṁaraíodar mé mar ġeaLl air. B’éigean dom é ċaiṫeaṁ as arís agus dul go dtí sruṫán i ḃfad suas ċun uisce d’ḟáil.

Dúradar liom an ceaintín bainne a ċur síos i bpoll móna ċun ná góaraíoḋ an leaṁnaċṫ leis an nṫpas.