Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/84

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
78
JIMÍN

Ḃíos cráite scolta acu agus mo ḋá ḋearnaiii ar lasaḋ, agus gan faoiseaṁ le fáil aċ na fóid ṁí-áiḋ dá gcaiṫeaṁ ar fuaid na gcos agam. B’é toil Dé gur ċuiṁniġ Taḋg Óg ar an gciteal.

“’Jimín,” ar seisean, “féaċ an ḃfuil an t-uisce beiriṫe.” Ba ṁór an ḟuascailt í.

D’imíos agus is é an ċéad rud a ḋeineas mo ḋá láiṁ a ċur síos fé uisce i bpoll móna. Ba ḃreá an t-ionnuaraḋ é. Ní ḟuaireas a leiṫéid de ṡásaṁ as aon rud riaṁ.

Sa ċiteal a deineaḋ an té. Caiṫeaḋ té agus bainne agus siúcra isteaċ ann i dteannta ’ċéile. Níor ḃlaiseas riaṁ aon té ċoṁ deas leis.

Gearraḋ an t-arán go reaṁar, agus cuireaḋ an t-im go reaṁar anuas air, agus sinn suite ar ḃlocanna giúise agus ar ḟóda móna ag iṫe, agus na fir ar fad ag caint i dtaoḃ laeṫeanta móna agus gaisce le sleán.

Ḃíodar ag cur barr-ḟód agus bun-ḟód agus méiṫ-ṁóna agus spairte trí n-a ċéile; aċ ní hag éisteaċt leo a ḃíos-sa aċ ag iarraiḋ gal a ċaiṫeaṁ as ṗíopa Ṫaiḋg Óig gan ’ḟios dom aṫair.

Ḋeineamar té arís tráṫnóna timpeall a cúig a ċlog agus dúradar liom-sa go raiḃ mo lá curṫa síos agam, agus ḃeiṫ ag cur díom. Ḃíodar am ṁolaḋ—gurḃ an-ḃuaċaill mé.

Ḃailíos le ċéile mo ċuid giúirléidí ar fad tar éis an té agus rugas ar an asal agus ḃíos ag cur díom aḃaile agus mé ag aṁrán. Ṫugas lán an ċléiḃ de ġiúis ṫirim go dtí Mam,