na ċeiṫre ‘básaċáin’ a ḃreiṫ aḃaile leis agus gal tobac a ṫaḃairt dóiḃ!
I gcionn tamaill eile ḃraiṫeas go raiḃ tairḃe éigin iontu mar ṫairg fear trí puint déag an ceann orṫu, agus ċuir fear eile go dtí ċeiṫre puint déag iad; aċ ṫugaidís go léir “sean-alfraits sprionlaiṫe” ar Ḋaid nuair ná bogfaḋ sé ó na hoċt bpuint déag.
Fé ḋeireaḋ ḃain sé anuas deiċ scillinge, agus nuair a ċuaiġ na ceannaṫóirí go dtí cúig puint déag do ċaiṫ Daid anuas deiċ scillinge eile. Ḃíodar ag druidim i gcoṁgar dá ċéile mar sin go dtí ar deireaḋ ná raiḃ eatarṫu aċ leaṫ-ṡoḃrain.
Do ċruaiġ an scéal ansan arís. Ṫagaḋ fear acu. Ḃuaileaḋ sé stiall ar ḃeiṫíoċ acu. “An mór iad so?” adeireaḋ sé.
“Sé puint déag deiċ a’ ceann,” adeireaḋ Daid.
“Sín amaċ do láṁ,” adeireaḋ an ceannaṫóir agus ċaiṫeaḋ sé seile ar a ḃois féin agus ḃuaileaḋ sé buille den ḃois sin anuas ar ḃois m’aṫar.
“Taḃarfad na sé puint déag duit orṫu,” adeireaḋ sé. Ní ḃíoḋ Daid sásta agus d’imíoḋ an ceannaṫóir sin agus é ar straiḋn, agus ċeapainn féin ná tiocfaḋ sé i ngiorraċt páirce ḋem aṫair ar feaḋ a ṡaoil arís. Aċ ṫagaḋ arís agus arís eile agus fé ḋeireaḋ deineaḋ an margaḋ nuair a ḃailiġ scata mór timpeall orainn féin agus ar an gceannaṫóir, agus ḋeineadar ‘an drifríoċt a scoltaḋ’ ḋa