Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
27
Jimín ar an aonaċ

uair. Sé puint déag seaċt is réal a fuaireamar.

Tar éis na beiṫíġ a ċur sa traen is ea ṫángamar ar an tsráid. Ċuaiġ Daid ar lorg an airgid agus ċuas féin ag féaċaint ar gaċ aon rud. Áit an-ṁór is ea an Daingean agus tá mórán daoine ann. Siopaiṫe is mó atá acu. Luċt tarta ar fad atá ann, ní foláir, mar deoċanna a ḃíd na siopaiṫe ar fad a ḋíol is dóiġ liom. Ní ḟeadar cad a ċuireann an tart go léir ar ḋaoiniḃ sa Daingean.

Tar éis tamaill do ḃuail Daid arís liom. Ḃí sé féin agus beirt eile ag teaċt amaċ as tiġ. Ċuireas i gcuiṁne ḋó go raḃas ann agus fuaireas scilling uaiḋ. Ṫug an ḃeirt eile tistiún dom nuair a fuaireadar amaċ gur mac le Daid mé.

“Is maiṫ an garsún é, bail ó Ḋia air,” adúirt duine acu.

“Ní fada go mbeiḋ sé sin ċun maiṫeasa agat, a Ṡéamais,” arsan fear eile acu lem aṫair—aċ d’imíos-sa liom ag ceannaċ úll agus milseán agus brioscaí.

Ní fada in ao’ ċor do seasaiṁ an scilling dom—tá an donas le daoire ar gaċ aon rud, agus níor ṁór duit mála pingní ċun aon tsúlaċ a ḃaint as lá sa Daingean.

I gcionn tamaill eile ċuas ar lorg m’aṫar agus fuaireas é féin agus Mam i lár na sráide ṫíos agus an ḃeirt acu am lorg-sa. Ḃí sise á rá go raiḃ an garsúinín boċt caillte nó titiṫe leis an ocras. Ḃí Daid ag iarraiḋ a