Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
25
Jimín ar an aonaċ

Scaipeaḋ na ċeiṫre beiṫiġ orm féin is ar Ḋaid trí huaire; agus ḃí ionad mo ċroí orm aon uair aṁáin nuair a ċuir Daid scaiṁ air féin ċun cleiṫire ṁóir ḟada go raiḃ maide ina láiṁ aige, agus dúirt leis, dar fia, go mbrisfeaḋ sé a ṁuineál. Ṁeasas-sa ná raiḃ m’aṫair fiáin in ao’ ċor, a ḋuine.

D’imiġ an fear eile, agus is maiṫ an ḃail air gur imiġ mar, nuair a ḃí sé tamall suas tríd an aonaċ, sin é an uair a ṫáinig an t‑olc go léir ar Ḋaid!

Timpeall a hoċt a ċlog ṫáinig na ceannaṫóirí ar an aonaċ. Fir reaṁra b’ea iad ar fad. Casóga móra orṫu, órlaċ de ḃonn féna mbróga acu; bróga geanncaċa orṫu; coisḃearta leaṫair go glúiniḃ orṫu; bataí siúil ag gaċ fear agus rian a ċoda ar gaċ éinne acu.

Ṫángadar ċugainn-ne agus d’ḟiafraiġ gaċ duine acu ḋem aṫair an niór a ṫógfaḋ sé ar na beiṫíġ. Ní ‘beiṫíġ’ adúradar in ao’ ċor aċ ‘ragaí’ agus ‘creatlaċa’ agus ‘básaċáin.’

“Oċt bpuint déag an ceann,” arsa Daid.

Ara ’ṁic ó! sin é an uair a ḋéanaidís an ċaint. Ar dtúis ċeapas ón gcaint a ḃí acu ná rugaḋ riaṁ leiṫéid mo Ḋaid le sprionlaiṫeaċt agus le neaṁ-réasún; agus i bpáirt na mbeiṫíoċ mboċt, ḃeaḋ náire ar ḋuine a adṁáil gur leis féin in ao’ ċor iad!

Ṫagaḋ olc ar Ḋaid uaireanta agus d’ḟógraíoḋ sé síos iad go dtí an leac is teo agus is íoċtaraí san áit úd go mbíonn tinte síorraí ann. Deireaḋ cuid acu san leis gur túisce go mór a ḃeaḋ sé féin ann, agus deiridís leis