Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
24
Jimín

D’éiríomar—mé féin is Daid—ar a cúig a ċlog agus ċuamar leis an ngealaiġ ’on Daingean.

Ċeiṫre cinn de ḃeiṫíg a ḃí againn. Gaċ aon ḃearna a ḃuaileaḋ linn ar ṫaoḃ an ḃóṫair, ṫugaidís fé dul isteaċ ann agus ḃíoḋ Daid gaċ ’ra neomat á rá liom “’Jimín, a ḃuaċaill, riṫ rompa agus sáraiġ iad san;” nó “Preab isteaċ, a ġarsúin, agus bagair amaċ í sin,” nuair a ḃíoḋ ceann acu tar éis dul i bpáirc éigin.

Is minic a ḃíoḋ ḋá ċúrsa déag agam féin agus ag an mbeiṫíoċ timpeall na páirce istiġ sar a riṫeaḋ sé ina ceann gur ċeart di dul amaċ ar an mbóṫar arís.

Níorḃ aon ní, áfaċ, an bóṫar isteaċ go dtángamar ar an sráid agus ar ṗáirc an aonaiġ. Ċeapas ná raiḃ oiread stoic in Éirinn! beiṫíġ, agus boláin, agus ba, agus tarḃaí, agus caoire, agus iad go léir ag búirṫiġ agus ag méiliġ agus iad ag riṫ trí n-a ċéile.

Ḃí fear ag gaḃáil lár an aonaiġ suas agus fiċe bolán aige in aon scata aṁáin. agus triúr fear agus trí cinn de ṁadraí ina ndiaiḋ agus “Haḃa-haḃa!” ag na fearaiḃ agus “Baḃa-aḃa!” ag na madraí. Do scaipeadar rompa soir, siar.

Ḃí seanduine ann is bó ar aḋastar aige. Riṫ scata beiṫíoċ isteaċ idir é féin agus an ḃó. B’éigean dó scaoileaḋ léi; aċ ḃí sé ag caint le binib agus ag loċtú daoine go mbíonn scata mór beiṫíoċ acu agus a ḃíonn ag iarraiḋ an duine boċt a ċaiṫeaṁ d’uaċtar na talún!