Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/156

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
146
THE GAELIC JOURNAL.

dteangaiḋ ársa. Do ċeannuiġ sé mórán cóib de gaċ leaḃar Gaeḋilge do cuir- eaḋ i gcló le n-a linn, ḃí so-ṫuigse do na daoiniḃ óga amuiġ ins an tuaiṫ, ⁊ do ḃronn sé iad annso ⁊ annsúd ar luċd na sgol mar a raiḃ an Ġaeḋilg dá múnaḋ. Is iomḋa duine ḃí fá ċomaoin aige, ⁊ le n-a ḃás do ċailleadar a gcara, ⁊ gan aṁrus do ċaill an Ġaeḋilg an teannta is fearr do ḃí aici. Is beag an t-iongnaḋ gur iomḋa súil do ṡil deora ar gclos go raiḃ sé marḃ.

Ba ḋeaṫ-sgoláire é ag a raiḃ eolus mór ar an gGaeḋilg. Do sgríoḃ sé aḃráin ⁊ dánta filiḋeaċta ó ḃeulaiḃ na ndaoine i n-iarṫar Éireann, ’nuair ḃí sé i n-a ḟear óg. Atá sé imṫiġṫe uainn feasda, ⁊ ní furusa a ionad do líonaḋ. Is ceart dúinn a lorg do leanaṁain gan stad gan staonaḋ, ag deunaṁ ár ndíċill ċum na Gaeḋilge d’ aiṫḃeoḋuġaḋ.

Seo cuid de litir fuair ball de Ċonnraḋ na Gaeḋilge i mBaile Áṫa Cliaṫ ó n-a ḃaintreaḃaiġ, ó ’n mnaoi uasail Iulian Ní ’c Cliaḃair: “Atá a ċeann díleas ins an ċoṁrain i n-a luiġe ar ḟód criaḋ coisrigṫe do buaineaḋ i n-Oileán Guagán Barra, ⁊ do cuireaḋ ċugam ar m’ impiḋe féin leis an Aṫair P. O’H-Urṫuile. Tá crois airgid ar croċaḋ le n-a ṁuinéal ⁊ bonn-íoṁáiġ Naoṁ Ḟionnḃarra. Tá crois ċoṁḟaid ar ċlúdaċ na coṁran, ⁊ tá i n-a láiṁ tor seamróg ó ḃaile Deilgne, an áit i n-a rugaḋ é. Atá a stól, a ċasóg, ⁊ a éideaḋ uime, ⁊ é ’n-a luiġe ⁊ a láṁa fillte ar a ḃrollaċ.”

Do cuireaḋ an rún so leanas ós coṁair coiṁṫionóil de Ċonnraḋ na Gaeḋilge, ag a seomraiḃ ag uiṁir 4 i ḃFaiṫċe an Coláisde i mBaile Áṫa Cliaṫ (cumann dár ḃa Leas- Uaċdarán é), ⁊ do haontuiġeaḋ leis d’aon ġuṫ aṁain:— “Bíoḋ so curṫa i ḃfeiḋm — de ḃríġ gur ċualamar le croiḋe duḃaċ dobrónaċ sgéula ar ḃás an duine uasail oirṁidniġ, Euseb Mac Cliaḃair, ḃí ’n-a ṫaca ċalma ag gaċ cumann naċ mór do cuireaḋ ar bun le mórán bliaḋan ċum eoluis ar an nGaeḋilg d’ ḟóirleaṫnuġaḋ, ⁊ do sgaip mór-ċuid airgid gan áireaṁ ċum na hoibre sin do ċur i gcríċ, ⁊ ar an gcuma sin do rinne maiṫeas mór-luaċmar do ċúis na Gaeḋilge nár’ ċeart do Éireannċaiḃ do ḋearmad go bráṫ; ar an aḋḃar sin cuiri- míd ár n-aṫċuingiḋ ċum a ṁná, an ean uasal ṡoċroiḋeaċ Iulian Ní’c Cliaḃair, ⁊ ċum a ṁuiriġne, go nglacfaid uainn-ne osnaḋ croiḋe ⁊ truaiġe ċaon-dúṫraċtaċ i dtaoiḃ na stáide dólásaiġe i n-a ḃfuil siad; ⁊ cuirtear cóib de ’n rún so ċum na mná uaisle Iulian Ní ’c Cliaḃair i nGaeḋilg ⁊ i mBeurla; ⁊ cuirtear i gcló é i n-Éirinn Aontuiġṫe i Nuaiḋeaċt na Tuama ⁊ ins an Aimeiriocán Gaoḋalaċ.”

Do ḃí lá ceapṫa ag an gCliaḃaraċ gaċ bliaḋain, i mí na Saṁna ċum na sgoláiriḋe dá dtugaḋ se bronntanais do ċruinniuġaḋ i ḃfoċair a ċéile. Do ġaḃaḋ cuid aca aḃráin i nGaeḋilg, ⁊ do léiġeaḋ tuilleaḋ díoḃ sgeulta i nGaeḋilg. Ba ṁór an sásaṁ aigniḋ ṫugaḋ sé ḋó tuairisg d’ ḟaġḃáil go raḃadar ag dul ċum cinn go maiṫ. Is aṁlaiḋ do ḃí a ċion ar an nGaeḋilg ag meuduġaḋ do réir mar ḃí sé ag dul i n-aois; ⁊ ní raiḃ sé aon uair níos cúramaiġe i n-a timċioll ioná ar leabaiḋ a ḃáis. Go dtugaiḋ Dia glór na ḃflaiṫeas dá anam!

P. O B.


MAIRINN AN LIAḂRAIĠ.

Séamus Ua Séaġḋa cct.

Stadaiḋ d’ḃur starṫaiḃ, tá sailm an ḃáis
’gá léiġeaḋ,
Tá croiḋe ar gcarad ag leaġaḋ go tláiṫ
’sa ċré,
Tá puḋair a’s peannaid, a’s srgeadaiġ, a’s
gáir, a’s géim,
A’s brón a’s mairg ag caiṫeaṁ ’s ag cráḋ
na nGaoḋal!