Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/157

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
147
THE GAELIC JOURNAL.

Gaoḋail táid creaċta, gan ċeannas, gan
ċlú, gan réim,
Faoi ċeo, faoi sgamall, faoi anfa, faoi
smúit, faoi neul,
Gan ċeol, gan starṫa, gan teanga, gan
leaḃar, gan léiġeann,
Ó d’eug a gcara, an fairire clúṁail caoṁ

Ba ċaoṁ ar gcara ag seasaṁ gan ḃeann
ar ċáċ,
Ar son ár dteangan le ceannas, le greann,
le gráḋ,
’Nuair ḃí sí tamall faoi sgamall gan rann
gan ráḋ,
Do ṫug ár seaḃac ṫar n-ais í ó ṫeannta an
ḃáis.

O ḃás do sgaoil í—ó ċuiḃreaċ dúnta dian—
Ṫug neart ⁊ bríġ dá croiḋe ḃí brúiġte i
bpian;
Do ṡeol í ’rís i sliġe ’n-ar stiúraḋ riaṁ—
Is mairg tu síos, a Ċliaḃraiġ, ṗlúr na
ḃFiann!

A Ċliaḃraiġ ċeannasaiġ ċarṫannaiġ ċráiḃ-
ṫiġ ċaeiṁ,
A ḟír-ḟir ċalma, a ġean a’s a ġráḋ na
nGaoḋal,
Taḃartas do ḃronnais ṫar ṁaiṫiḃ le
fáġail ’sa tsaoġal,
’Nuair ṫugais aiṫḃeaṫa do’n teangain ḃí ar
fán ’s i n-eug.

Ag eugaḋ go tapaiḋ ḃí an teanga do grá-
ḋaiġ na Gaoiḋil,
Ó ġlacamar gealaig a’s mearḃal, práis, a’s
baois,
’Nuair sgaoileamar ṫarainn gan maċtnaṁ
an sár-ṡeod binn,
Gur ṫugais ṫar n-ais í faoi ġradam go
h-árd arís.

Arís tá an teanga i ngradam i gClárluirc
úir,
Arís tá a ranna ’gá gcanaḋ i lár gaċ Cúig’,
Arís tá laḃairt na leanḃ go h-árd ’s go
h-oll,
Gá léiġeaḋ, gá spreagaḋ go blasda le
fáṫ ’s le fonn.

Le fonn táid éigse ’n gaċ taoḃ de ċríoċaiḃ
Fáil,
Ag caḃruġaḋ le ċéile go h-éasgaiḋ ’s go
dílis gráḋaċ,
Ag tógḃaint na Gaeḋilge, ’ga saoraḋ, ’ga
síor-ċoimeád,
Aċt is tusa do ċaoṁnaiġ go treun í ’nuair
ḃí sí tláṫ!

Tláṫ ⁊ caiṫte, gan ḃeaṫa, gan ḃail, gan
ḃríġ,
Ag stróinsiḋiḃ Gallda go h-aindeis le seal
do ḃí,
Gaċ sráille ṫagaḋ ’taḃairt tarcuisne ’s
creaċ dá croiḋe
Gur éiriġ a cara, ’s gur neartaiġ a taisg
arís.

Do nearṫaiġis a cás, a ṡáirḟir ṁaorḋa
ḃinn,
Le h-obair gan tlás, le bárr síor-ṡaoṫair
ḋíl;
Faoi ḃuaiḋirt ’s faoi ċráḋ ’san ár do ċaoṁ-
nais í,
Gur ċuiris go h-árd í n-a h-áit i nÉirinn
ċoiḋċ’.

I nÉirinn faoi ċeannas ad’ ḋeasgaiḃ tá a
ceol arís,
’Measg fiaḋ-ċnoc Alban lasann go moḋ’l
a grinn,
In gaċ tír ’s gaċ talaṁ mar ṫaiṫneann an
ló ’n-a luiġe,
Tá a caoin-ċeol, a starṫa, ’s a h-ainm go
deo mar ḃíoḋ.

Mar ḃíoḋ tá an teanga i ngradam, i gclú,
’s i réim—
Biaiḋ t’obair ’n-a beaṫaiḋ ċoṁ fada ’s
biaiḋ drúċd ar ḟeur,
Aċt mo ċuṁaḋ ċroiḋe caiṫte faoi leacaċaiḃ
duḃaċ’ ’sa ċréiḋ
An cuspa do ṡeasaiṁ a caṫa—do ḃuaḋaiġ,
a’s d’eug!

18 Coláisde na Trínóide
An 6˙ lá de’n Deiċṁí, 1894.