Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/155

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


No. 10.—Vol. V.] DUBLIN, JANUARY 1st, 1895. [Price 6d., post free.
[No. 58 of the New Series.]

TO OUR READERS.

Until further notice, all business communications are to be sent to Gaelic Journal manager, Dollard's, Wellington-quay, Dublin. All editorial matter to be sent to Mr. John MacNeill, Hazelbrook, Malahide. Postal Orders sent to the manager, as directed above, are to be made payable to Joseph Dollard, at Post Office, Dublin.


BÁS EUSEB D. ṀIC CLIAḂAIR.

Duḃrad beaġán ins an IRISLEAḂAR déiḋeanaċ mar ġeall ar ḃás an duine uasail oirṁidniġ Euseb D. Mac Cliaḃair, aċt ní leigeaḋ ár mbrón dúinn mórán do ráḋ; óir ní raiḃ i n-Éirinn, ná ins an doṁan uile, aon tráṫ le trí ċéad bliaḋan, fear is fearr do rinne a ḋíċeall ar feaḋ urṁóir a ṡaoġail ċum ár dteangaḋ ársa ḃeiṫ fá ṁeas ⁊ fá réim arís ioná é súd. Ḃí sé ag maċtnaḋ de ló ⁊ d’oiḋċe cionnus do ċuirfeaḋ sé breis ḟuinn ar ṁuintir na hÉireann ċum a sean-teangaḋ féin do ċleaċtaḋ. B’ḟeárr leis gaċ litir dá gcuirfiḋe ċuige beiṫ sgríoḃṫa i nGaeḋilg, dá mb’ ḟéidir leis an sgríḃneoir an ċanaṁain sin do sgríoḃaḋ. Is minic aduḃairt sé go gcuireaḋ sé áṫas mór air an tráṫ do léiġeaḋ sé gan doċar litreaċa sgríoḃṫa i nGaeḋilg ó ḋaoiniḃ in gaċ cúigeaḋ i n-Éirinn. Do ṫiuḃraḋ an meud litreaċ do sgrío aḋ sé gaċ lá a ḋóṫain agus fuiġleaċ le deunaṁ d’ ḟear láidir. Giḋ gur ḃa ḋuine uasal é ar a raiḃ clú, cáil, agus tásg mór, ⁊ ba áirdeaspog a ṡean-aṫair, ar a ṡon sin ní ag triall ar na huaisliḃ ḃíoḋ sé ag cur na litir so, ná ag lorg a gcoṁluadair ná a gcaradais ar aon ċuma, aċt ċum daoine eígin, b’ ḟéidir, do ḃí úiríseal go leor ins an tsaoġal, dá mbrostuġaḋ ċum saoṫair do ḋeunaṁ do reír a n-acfuinne do raċaḋ i soċar do’n Ġaeḋilg.

Níor b’ ḟuras leaṫ na hoibre d’ innsin do rinne an duine uasal sin ċum na Gaeḋilge d’ aiṫḃeoḋuġaḋ, de ḃríġ naċ raiḃ fios ag aon duine beo air. Do ṫug an Cliaḃaraċ congnaṁ ós íseal ⁊ ós árd ⁊ ar gaċ aon tsliġiḋ i n-ar ṁeas sé gur ḃ’féidir maiṫeas do ḋeunaṁ do’n ġnó ar a raiḃ a ċroiḋe ⁊ a smuainte.

Rugaḋ é i nDeilgne i gCill-Ṁantáin, oċt mbliaḋna ⁊ trí fiċid ó ṡoin, ⁊ do ċoṁnuiġ sé ann nó go raiḃ sé bliaḋain agus fiċe d’ aois. D’ḟoġluim sé a ṗaidreaċa do ráḋ i nGaeḋilg an tráṫ ḃí sé an-óg, ⁊ as sin amaċ an ḟaid do ṁair sé, dob’ é áirdṁian a ċroiḋe an Ġaeḋilg d’ aiṫḃeóḋuġaḋ. Ċuige sin do sgaip sé mór-ċuid airgid ag cur leaḃar i gcló ⁊ dá sgeiṫeaḋ, ag taḃairt ḃronntanas uaiḋ, ⁊ ar ṡliġṫiḃ eugsaṁla eile. Buḋ ḋeacair ríoṁ nó áireaṁ do ḋeunaṁ ar ṁéid na gcarad ar a ḃfuair sé muintearḋas ar an gcuma sin ins gaċ uile áit i n-Éirinn, ⁊ is fada cuiṁneoċṫar air le moḋ ⁊ le meas mór i dtaoi an tsaoṫair ṫáḋḃaċtaiġ do rinne sé mar ġeall ar ár