Page:Irisleabhar na Gaedhilge vol 1 no 1.djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
23
THE GAELIC JOURNAL.

tiogail so, air an aḋḃar sin, má ġeuḃṫar earraide ann, d’a g-ceartuġaḋ sul clóḃuailtear é. Is cuma cad iad na h-earraide ḋéanas an t-aiṫristeoir ní cóir do’n ḟoillsiġṫeoir iad ċlóḃualaḋ.



Air Ḃás Leoṁain na h-Áirde in-iar, Seáġain Ṁic Héil, Airdeasboig Ṫuama.

Saṁain, 1881.

Leis an g-Craoiḃín Aoiḃinn.

Tá brón fuar a’s ceo duḃ go ro-ṫuiġ ’sna
speurṫaiḃ
Tá donas air ṡolus a’s sonas geal Ṗoebus:
Fuiseoga ’s spideoga gan ceol in a m-
beulaiḃ;
An ḃó ins an m-buaile gan liuġ a’s gan
géimniġ.

Ní luascann gal gaoiṫe bárr craoiḃe no
crainn
Is iongantaċ ciuineas na b-plúr a’s na
d-tom.
Na neullta ’s na speurṫaiḃ go bagaraċ donn
’S tá taċtaḋ ’san aer tiuġ atá se ċo trom.

Is marḃ an torrann aig sroṫán an t-sléiḃe,
A n-dé ḃí ag riṫeaḋ go h-aoiḃinn ’s go
h-aereaċ,
Ní’l bricín san uisce ag rinnce ’s ag léimniġ
Ní’l filbín ag sgríoċ ná feadóg ná eun ann.

Tá’n neanntóg ruaḋ air ċúl an ḃalla,
An fóṫanán cruaiḋ ’s an ċul óg ġrána,
An fliġ ’s gaċ luiḃ tá go tiuġ ag fás ann
Go socair socair ’s cosaṁlaċt báis ann.

Oċ, is forus aiṫne go ḃ-fuil an bás ann
Is forus aiṫne air lionnduḃ Nádúir,
Air ṫroime na spéire ḃí go h-áiḋḃeul
Go raiḃ aḋḃar geur-ġoil air feaḋ an
náisiuin.

Is bás níos measa ’ná míle bás é,
Bás an aṫar buḋ ċiuin, ’s buḋ ġráḋaċ,
Aṫair árd na cléir’ ’s na m-bráṫair
Oċ, is é do ḃás-sa do ṁill an náisiun.

Airdeasboig ḋílis, gráḋ na cléire
Gráḋ na n-daoineaḋ, ’s croiḋe na féile,
Mórḋáil Ċonnaċt, mórḋáil Éireann
Mo ṁíle truaġ, a Ṡeáġain Ṁic Héil ṫu.

Ni ḟeudaim an sgeul sin do ṡeasaḋ gan
caoineaḋ
’Sé an sgeul é, le h-éisteaċt, is measa
lem’ ċroiḋe-se,
D’ḟág Eire go ceusta, í féin a’s a daoine
D’ḟág Connaċt go dona gan solus ’na
croiḋe ’stiġ.

Is tusa ḃí críona, ciallṁar, gaċ am,
Ag seolaḋ na n-daoineaḋ ’san t-sliġe naċ
raiḃ cam,
Is tusa do scríoḃfaḋ mar naoṁ le peann
Mar fuair tu ó Ḋia do ċiall ’s do ċeann.

Aċt b’ḟeárr ’ná sin uile, ’s naċ breáġ é le
ráḋ,
Na’r ċaill tu ariaṁ do spéis agus gráḋ
Do ṫeangain na h-Éireann tá caoin-ṁilis
árd,
Sean-teanga ṡiuḃalaċ na nGaeḋeal a’s na
m-Bárd.

An tráṫ naċ raiḃ bárd ann, ḃí ṫusa ad’ḃárd,
Ár d-teanga leat-ċráiḋte do ṫóg tu go
h-árd,
Buḋ tu an fear d’ḟeudaḋ ár g-ceol do
ṫógáil
Ní ṫiocfaiḋ go deo linn do ṡaṁail-se
d’ḟáġail.

’S ní ḃ-fuiġid cáirde na Gaeḋilge beo,
Ċoiḋċe aon ċara is áirde ’ná ṫu,
Tá solus na Gaeḋilge múċta go deo
Agus solus na h-Éireann tá báiḋte faoi ċeo.

Air n-éisteaċt an sgéil sin ’s nuaḋaċt
an ḃáis,
Do ṫuit ó n-ár g-croiḋe ’stiġ aon sgríoċ uaṫḃáis,
A’s truaġ atámuid, is cruaiḋ ár g-cás
An sonas ag imṫeaċt, ’s an donas ag fás.

An tráṫ ċuaiḋ d’anam go Flaiṫeas le léim,
Buḋ ċruaiḋ an buille do ṫuit orrainn féin
’Nuair síneaḋ do ċorp air an g-clár bog
déal
Oċ! ċuaiḋ ar ngráḋ leat a Ṡeáġain Ṁic
Héil.