Page:Irisleabhar na Gaedhilge vol 1 no 1.djvu/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
22
THE GAELIC JOURNAL.

tra, a faġṫar aon aca fóġlumṫa in a ṫeangain, agus is tearc na daoine aca le n-a d-tiocfaḋ, páipeur Gearmánaċ do ċur in eagar no leaḃrán air ġraiméar na teangan do sgríoḃaḋ. Do ḃí dá ṗáipeur Gearmánaċa in Albani, i stáid Nuaḋ-Eaḃraic, tríoċad bliaḋain ó ṡoin, aċt tá siad marḃ anois; ċo luaṫ ás d’ḟás suas geinealaċ óg de Ġearmánaiġiḃ ins an g-caṫraiġ sin, do sguireadar ó laḃairt na teangan Gearmánaiġe; d’eug na seandaoine; ní raiḃ aonneaċ le leuġaḋ na b-páipeur Gearmánaċ, agus dob’ éigin dóiḃ fáġail báis. De na h-uile ṫeangṫaiḃ a tá i d-tuasceart mórṫíre America, taoḃ amuiġ de’n Ḃeurla, ní’l aon ċeann díoḃ naċ ḃ-fuil ag eugaḋ aċt an Ḟraincís aṁáin. Dá m-beiṫ an meud Francaċ innti, agus atá de Ġearmánaiġiḃ, is cosaṁail go n-eireoċaiḋ an Ḟraincís do ḃeiṫ ’na teangain na tíre go léir.

Is urus a ṁeas go ḃ-fuil an Ġaeḋilig failliġṫe in America mar aon le na teangṫaiḃ coigċríoċa eile; aċt tá aon ċúis saorṫa aig an Ġaeḋilig innti, naċ ḃ-fuil aig na teangṫaiḃ eile; ’sí so smuaineaḋ na n-Éireannaċ gur ab éigin dóiḃ a d-teanga do ṡaoraḋ ó ḃás mar aon le n-a d-tír. Ní raiḃ aon smuaineaḋ aig an b-pairti tíoraṁ- ail Éireannaċ in America fiċe bliaḋain ó ṡoin uim a d-teangain, aċt, taoḃ astiġ de na seaċt no oċt m-bliaḋanaiḃ déigeanaċa, tá an smuaineaḋ so, gur ab ionnan bás na teangan agus bás an ċiniḋ, ag fás níos troime gaċ lá ’na measg; agus tosuiġeann siad d’ḟeicsin gur ab an í teanga “an carta déigeanaċ in a láṁaiḃ.” Is fíor go ḃ-fuil mórán de’n ṗairti dá ngoirṫear “tíoraṁail,” naċ g-cuireann aon t-suim in a d-teangain, agus is cuma leo ca uair eugfaiḋ si; aċt tá an sórt so d’Éireannaiġiḃ ag eirġe níos teirce gaċ lá, agus anois ní láṁóċaḋ aon dóiḃ aon ṁagaḋ do ċur air an Ġaeḋilig, bíoḋ naċ d-tuigeann siad féin focal dí. ’Siad fir-eagair na b-páipeur Éireannaċ, na naiṁde is mó agus is troime aig an Gaeḋilig ’sa m-baile agus i g-cian. Is tearc go ḃ-fuil aon ḟear aca le fáġail, naċ mairḃeóċaḋ an Gaeḋilge sul ċaiṫfeaḋ se a ḋinéir, dá m-b’ ḟéidir leis é ḋéanaṁ. Tá eagla orra a d-taoiḃ na Gaeḋilge, óir saoileann mórán díoḃ naċ fad duínn an aimsir in a m-beiḋ riaċtanaċ ḋóiḃ a b-páipeura do ċlóḃualaḋ go leaṫaċ no b’ḟéidir go léir a nGaeḋilig. Ní h-áil leo so, óir ní’l fear aca ṫuigeas focal de ṫeangain a d-tíre, agus tá siad ró leisgeaṁuil d’á fóġluim. Deirṫear so gan aon dúil náṁdaċ in aġaiḋ na h-iomad daoineaḋ uasal ḟoillsiġeas na páipeura Éireannaċa ’s am-baile agus i g-cian. Ní’l aon ṁian aig an sgríoḃadóir do ráḋ neiṫeaḋ ’na d-timċeall naċ ḃ-fuil taiṫneaṁaċ leo: dá m-beiṫ dó no trí aca do ċuirfeaḋ spéis agus suim in a d-teangain tíoraṁil, agus do ḋéanfaḋ aonniḋ d’a caḃaraḋ, ní déarfaḋ se aon ḟocal ’na d-timċeall; aċt ’nuair naċ ḃ-fuil aon aca le fáġail do ṫaḃairt an ċongnaiḋ is lúġa ċum na h-oibre uaisle so a tá ós a g-cóṁair air feaḋ sé no seaċt m-bliaḋan, is soilléir leis féin agus na h-uile ḋaoiniḃ, naċ n-déanfaiḋ na daoine uaisle so aonniḋ air son na Gaeḋilge no go m-beiḋ se riaċtanaċ ḋóiḃ é ḋéanaḋ air son a n-aráin agus a n-ime féin.

Ní mór é le h-iarraiḋ, go m-beid an leaḃar míosaṁuil so clóḃuailte go ceart agus do réir riaġal graiméir na Gaeḋilge. Is scannail ṁór í, an sórt Gaeḋilge clóḃuailtear gaċ lá in Eirinn, in Albainn agus in America. Dob’ ḟéarr é míle uair, gan an Ġaeḋilig do ċloḃualaḋ air aon ċor, ioná d’a ḋéanaḋ mar déantar é go minic. Dob’ ḟeárr do’n Gaeḋilig míle uair, cuid de na leaḃraiḃ clóḃuailtear innti a ’ḃeiṫ in íoċtar na mara, ioná ag cur déisdin air na sgoláiriḃ agus maisle air an d-teangain in a g-clóḃuailtear í. Níl aon leiṫsgeul dóiḃ so ċuireas amaċ leaḃar míosaṁuil an tan congḃaiġiḋ siad earraide, de ḃriġ go ḃ-fuil am go leor aca d’a g-ceartuġaḋ. Guiḋiḋ sgríoḃadóir an air-