Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/66

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
58
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

"Den ṁuisiriún,” arsaiġ an ċneaṁdóg, díreaċ mar adeurfaḋ sé dá mbeaḋ sí tar éis an ċeist a ċur ós árd air, agus annsin ḃí sé teiċte as a raḋarc.

D’ḟeuċ Eiḃlís ar an muisiriún mar ḃeaḋ sí ag baint meaḃraċ as d’iarraiḋ a ḋeunaṁ amaċ cad iad an dá ṫaoḃ ḃí air. Agus ó’s rud é go raiḃ an muisiriún in a ċearcall cruinn ba ḋeacair dí an ċeist seo a réiḋteaċ. Aċt fé ḋeireaḋ ċuir sí a ḋá láiṁ ṫimċeall air ċoṁ fada agus d’ḟeud sí iad a ċur agus ḃris sí ciosa beag den ṁuisiriún le gaċ láiṁ.

“Is eaḋ! anois,” arsaiġ sí léi féin, “go gcuire Dia ar mo leas me, cia aca is fearr ḋom d’iṫe?” Ċrom sí ag creimirt an ṗíosa ḃí in a láiṁ ḋeis, agus ar an nómant dearg ḃí sé blasta aici buaileaḋ iarraċt dá smeigín ṫíos i gcoinne a cos.

Deirim leat gur baineaḋ preab aiste, aċt ní raiḃ aon am le cailleaṁaint aici, mar ḃí sí ag dul i luiġead go tiuġ. Ṫug sí fén ṗíosa eile gan ṁoill, aċt ḃí a smeigín buailte ċoṁ daingean sin i gcoinne a cos gur ar éigin ḃí sí ábalta ar a beul d’oscailt: aċt d’éiriġ léi é a ḋeunaṁ ar ċuma éigin, agus d’iṫ sí cáinṫín beag den ṁéid ḃí in a láiṁ ċlé.

“Buiḋeaċas le Dia, tá mo ċeann ó ḃaoġal agam,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, agus áṫas an doṁain uirre, aċt deirim leat gur aistriġ an port aici ar an nómant dearg arís nuair ṫug sí fé ndeara ná raiḃ na guailne in aon áit le feicsin aici; dada aċt scrogal mór fada ḋe ṁuineul, agus an feur glas fad a raḋairc síos uaiṫe.

“Cadé an tiubaist an rud glas sin ṫíos