Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/67

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
59
I dTÍR NA nIONGANTAS

ar fad,” arsaiġ Eiḃlís; “agus cá ḃfuil mo ġuailne imṫiġṫe; agus, oḃoċ! mo láṁa boċta! conus ná feicim siḃ in aon ċor?” Ḃí sí d’iarraiḋ iad a ċorruiġe le linn a’s í ag deunaṁ na cainte, aċt ní ḟaca sí aon rud aċt moṫuġaḋ beag is an ḃfeur ġlas ṫíos fúiṫe.

Nuair ná raiḃ aon ḟaġáil aici ar a ḋá láiṁ a ċur suas go dtí n-a ceann ṫug sí iarraċt ar a ceann a ċromaḋ síos orra, agus ḃí áṫas uirre nuair fuair sí a muineul a lúbaḋ ar gaċ aon taoḃ mar a ḋeunfaḋ eascú nó aṫair-niṁe. Díreaċ nuair ḃí sé lúbṫa go deas isteaċ agus amaċ cúpla boḃta aici agus í ċum a ceann a ṡáṫaḋ isteaċ imeasc an duilleaḃair ḃí ar ḃarr na gcrann — na crainn do-rigne scáṫ dí scaiṫeaṁ beag roiṁe sin — duḃairt rud éigin: “Ṫairis amaċ,” agus ṫarraing sí a ceann siar go hobann: colḃar mór coille ḃí ṫar éis bualaḋ isteaċ ’san aġaiḋ uirre agus ḃí dá greadaiġ le n-a sciaṫáin.

“A aṫair-niṁe!” arsaiġ an colḃar.

“Ní aṫair-niṁe mise,” arsaiġ Eiḃlís, go feargaċ, “agus éiriġ asam.”

“A aṫair-niṁe!” arsaiġ an colḃar arís, aċt ní ċoṁ dána ná ċoṁ feargaċ é, “táim tar éis triail a ḃaint as gaċ aon tsliġe, agus ní ḋeunfaiḋ aon rud an gnó ḋóiḃ!”

“Ní ḟeadar mé ’sa doṁan cad dó tá tú ag tagairt,” arsaiġ Eiḃlís.

“Ḃain mé triail as ṗreuṁa na gcrann agus as ṗorta na haḃann, as ḋígreaċa agus as ċlaḋṫaċa,” arsaiġ an colḃar, agus gan aon suim aici dá ċur in Eiḃlís; “aċt na haṫara- niṁe seo! ní ṡásóċaḋ aon rud iad.”

Ḃí an sceul ag dul níos mó in aiṁréiḋ