Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/65

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
57
I dTÍR NA nIONGANTAS

"Is cuma liom cadé’n aoirde ḃeiḋ ionnam,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt ní maiṫ le duine a ḃeiṫ ag aṫruġaḋ ċoṁ minic sin.”

“Ní ḟeadar mé sin,” arsaiġ an ċneaṁdóg. Ní duḃairt Eiḃlís aon rud annsin: níor ḃreugnaiġeaḋ ċoṁ minic sin riaṁ roiṁe sin í, agus ḃí fearg ag teaċt uirre.

“Agus an ḃfuil tú sásta leat féin anois?” arsaiġ an ċneaṁdóg.

“Ba ṁaiṫ liom ḃeiṫ rud beag níos aoirde, dá mbaḋ é do ṫoil é, a ḋuine uasail,” arsaiġ Eiḃlís, “is suaraċ an aoirde gan aċt trí órdlaċ a ḃeiṫ i nduine.”

“Is maiṫ an aoirde í, go deiṁin,” arsaiġ an ċneaṁdóg go strollúsaċ, ag baint searraḋ as féin (trí órdlaċ ar aoirde díreaċ a ḃí ann féin).

“Aċt ní ḟuilim-se in a ṫaiṫiġe,” arsaiġ Eiḃlís go cráiḋte. Agus duḃairt sí in a haigne féin go mb’ḟearr léi ná beaḋ sé ċoṁ fuiris sin olc a ċur ar na hainṁiḋṫe.

“Raġa tú in a ṫaiṫiġe in áit a ċéile,” arsaiġ an ċneaṁdóg, agus ċuir sé an píopa in a ḃeul arís agus ċrom sé dá ċaiṫeaṁ.

Ḋún Eiḃlís a beul an iarraċt so agus d’ḟan sí gurḃ’ ṁaiṫ leis an gcneaṁdóig laḃairt arís. I gcionn cúpla nómant ḃain sé an píopa as a ḃeul agus ḃí sé ag meunġail agus dá ṡearraḋ féin. Annsin ṫáinig sé anuas den ṁuisiriún agus ṡnáṁaiġ sé leis tríd an ḃfeur. Duḃairt sé ag imṫeaċt dí: “Cuirfiḋ taoḃ de in aoirde ṫu agus an taoḃ eile cuirfiḋ sé i luiġead ṫu.”

“Taoḃ de cad é? Agus an taoḃ eile de cad é?” arsaiġ Eiḃlís léi féin.