Mar is siḃ do ḋearḃaiġ i láṫair Ċoisdealḃaiġ ar an dtriúr fear séiṁ Agus ċuir na Conairiġ ṫar na farraigí dtí na New Souṫ Wales.
An té ḃeaḋ ’na ṡeasaṁ ann agus ḋeunfaḋ maċtnaṁ ar ár gcúis dá pléiḋe, Mar a ṡeasaiġ sí ón a seaċt ar maidin go dtí taréis a naoi, Ċrioṫ an talaṁ fúinn le linn na laḃaraċa dá dtaḃairt ’sa mbréig A’s mo ġráiḋín-se an t-anam boċt, tá sé damanta má’s fíor í an ċléir.
A Ḃainríoġain ḃeannuiġṫe, a’s a Rí na ḃFlaiṫeas geal, taḃair fuascailt orainn araon, A’s ar an mbanaltra tá ’sa mbaile go duḃaċ ’nár ndéiḋ. Le linn an aifrinn bíḋí ag agallaṁ ’gus ag guiḋe ċum Dé Ar na Conairiġ a ṫaḃairt aḃaile ċuġainn ó na New Souṫ Wales.”
“Tar slán, tar slán, a ḟir an ċroiḋe ṁóir,” arsaiġ an Gárlaċ, “agus ceud slán leis an tsean-aimsir; naċ é an feall gur cruaḋaiḋ Dia an saoġal orainn agus gur ċuaḋamair in aois. Is eaḋ, anois, a ġearrċaile, nár ċeart go mbeaḋ cuideaċta éigin ionnat-sa agus go ndeurfá ceaṫraṁa ḃeag éigin dúinn.”
“Tá gaċ aon rud ċoṁ tré n-a ċéile sin orm le déiḋeanaiġe gur ar éigin a ġeoḃainn cuiṁneaṁ ar na focail,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt deunfa mé mo ḋíċeall, dar ndóiġ.”
D’éiriġ sí in a seasaṁ agus d’uṁluiġ sí