Ḃain an Ollṗiast cúpla casaḋ as a iarball, d’oscail sé amaċ a ḋá sciaṫán, agus ċuir sé scrogal air féin, agus tar éis cúpla casaċtaċ a ċur as ċum a scórnaċ a réiḋteaċ d’iarr sé ar Eiḃlís gloine uisce d’ḟaġáil dó agus é leagaint in a ḟiaḋnuise.
Nuair a ḃí an méid sin deunta: “Ní ḟeadar mé an ḃfuiġfe mé taḃairt fé in aon ċor,” ar sé sin, “tá na fiacla caillte agam, agus tá m’anáil ag teaċt gairid.”
Mar sin féin d’eiriġ sé agus tar éis dó cúpla casaċtaċ eile ċur as, ṫosnuiġ sé:
“Maidin ḃog ḋrúċtṁar Idir Ċaiseal a’s Ḋúrlas Go triopalaċ ciúinṁear Gaḃáil im’ ċoinne ’sa ród; Laḃair sé go tláṫ liom Den ċoṁráḋ ċaoin ġráḋṁar, ’Gus ċuir …”
“Tá sé caillte agam, tá sé caillte agam,” ar sé sin.
“Misneaċ! misneaċ!” arsaiġ an Gárlaċ, “taḃair fé arís, taḃair fé arís, ḃí a ḟios agam ná teipfeaḋ an guṫ ort.”
“Is eaḋ, deurfa mé ceann eile ḋíḃ,” ars an Ollṗiast.
“A Ċomṫain ṁalluiġṫe, guiḋim-se deacair ort a’s gráin Ṁic Dé A’s ar an ngasraḋ úd ḃí ceangailte go dlúṫ led’ ṫaoiḃ,