Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/128

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
120
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

Tá mo stocaí i dtiġ an óil, Tá mo ḃróga i dtiġ an leanna, Tá mo ḃa ag dul ṫar teorainn, Is ní ḟuil bean óg a raġaḋ dá gcasaḋ. Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Tá ’na lá, is ní ḟuil ’na ṁaidin, Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Aċ solas árd atá ’san ngealaiġ.

Tá an baraile ar a ċeann, Is ní ḟeicim ann aċt dríodar deasga. Tá mo ġiní ar an mbórd Is bíom ag ól go dtiocfaiḋ an ṁaidin. Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Tá ’na lá, is ní ḟuil ’na ṁaidin. Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Aċ solas árd atá ’san ngealaiġ.”

“Táim buiḋeaċ ḋíḃ araon; rinnce iongantaċ deas is eaḋ an rinnce sin,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt buiḋeaċas le Dia,” ar sí sin léi féin, “go ḃfuil deireaḋ leis.”

“Aċt an t-aṁrán,” ar sí sin, “buaiḋ sé sin ar a airiġ mé riaṁ le breáġṫaċt; leig dom leis; agus maran ḃfuil an Gárlaċ ábalta ar é ráḋ go binn “ní ḟuil in a lá.” Béidir go mbeaḋ aṁrán eile agaiḃ, aċt ar son Dia ná déiniḋ aon rinnce, ní ḟágfaḋ sé puṫ ionnaiḃ.”

“Ó, i maite, a ġearrċaile, sin é a ċuirfeaḋ snaiḋm is na haeḋeanna agat mara mbeaḋ an lúṫ ionnat,” arsaiġ an Ollṗiast.

“Is dóċa é! Is dóċa é!” arsaiġ Eiḃlís, “aċt cad mar ġeall ar aṁrán eile?”

“Deurfaiḋ an Ollṗiast aṁráin dúinn,” arsaiġ an Gárlaċ. “Tá a ḟios agam go mbídís aige in a gcairn".