Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/127

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
119
I dTÍR NA nIONGANTAS

Seo ċum an rinnce an ḃeirt aca; ṡeasaiġidís anuas is na hórdóga beaga ar Eiḃlís nuair ṫagaidís gairid dí, agus ḃí a ḋá lapa árduiġṫe in áirde aca araon agus iad dá gcroṫaḋ ċum a ṫeasbáint go raḃadar ag coimeád istiġ leis an gceol, agus an Gárlaċ ag gaḃáil an aṁráin seo go mall, riġin, caṫaċ:

“Ċodlas féin i dtiġ aréir, Is tuirseaċ tréiṫ a ḃí mo ċuisle, ’Sé coṁráḋ béil ḃí aca go léir: M’inġean féin is a boc ar buile. Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Tá ’na lá, is ní ḟuil ’na ṁaidin. Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Aċ solas árd atá ’san ngealaiġ.

Éir’ id’ ṡuiḋe, a ḟir a’ tiġe, Cuir do ḃríste ’mat go tapaiḋ, Coinniġ suas cuideaċta ṡuairc Don ċroiḋe ṁaiṫ ṁór go dtiocfaiḋ an ṁaidin. Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Tá ’na lá, is ní ḟuil ’na ṁaidin, Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Aċ solas árd atá ’san ngealaiġ.

“Ní éireoċad im’ ṡuiḋe,” ar fear an tiġe, “’S ní ċuirfead bríste orm ná hata, Blas ná braon dem’ ċuid-se diġe Ní raġaiḋ in a gcroiḋe go dtiocfaiḋ an ṁaidin.” Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Tá ’na lá, is ní ḟuil ’na ṁaidin, Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Aċ solas árd atá ’san ngealaiġ.