Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/126

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
118
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

"Annsin déin malairt gleamaiġ agus ṫar n-ais go dtí t’áit féin arís,” arsaiġ an Ollṗiast.

“Tá a ḟios agat annsin,” arsaiġ an Gárlaċ, “go gcaiṫtear …”

“Na gleamaiġ!” arsaiġ an Ollṗiast, ag baint an ḟocail as a ḃeul arís agus ag taḃairt léim as a ċaḃail in áirde insan aer.

“… Ċoṁ fada amaċ ’sa ḃfarraige a’s a ḟeudfa tú …”

“Snáṁ in a ndiaiḋ annsin,” arsaiġ an Ollṗiast de screuċ.

“Iompó toll ṫar ceann ’sa ḃfarraige annsin,” arsaiġ an Gárlaċ agus é ag pramsáil ṫimċeall.

“Malairt gleamaiġ arís,” arsaiġ an Oll- ṗiast, ag cur ualfairt as.

“Gaċ aoinne a ṫeaċt i dtír arís annsin, agus sin deireaḋ leis an gceud ḃoḃta de Rinnce an Ġleamaiġ,” arsaiġ an Gárlaċ, go ciúin, mín, macánta, agus ṡuiḋ an dá ḃeaṫaiḋeaċ a ḃí fiaḋain allta síos go duḃaċ duḃrónaċ i láṫair Eiḃlíse agus gan cniug asta aċt iad ag cur na súile isteaċ tríṫe.

“Rinnce an-ḋeas is eaḋ é, is dóċa,” arsaiġ Eiḃlís, go scáṫṁar (deirim leat gur ḃaineadar preab aiste).

“Ar ṁaiṫ leat é d’ḟeicsin?” arsaiġ an Gárlaċ.

“Ó, go deiṁin, ba ṁaiṫ,” arsaiġ Eiḃlís. “Is eaḋ, déinimís an ċeud ḃoḃta ḋe,” arsaiġ sé leis an Ollṗiast. “Is féidir linn é go ḋeunaṁ gan na gleamaiġ, dar ndóiġ. Cé imireoċ’ an port dúinn?”

“Ó, imir-se an port,” arsaiġ an Ollṗiast. “Tá sé dearṁadṫa agam-sa.”