ḋóiḃ araon i ndiaiḋ a ċéile; níor ḋein sí dearṁad ar an méid sin, pé sceul é; ċuir sí a ḋá láiṁín taoḃ ṫiar dá drom, agus ċaiṫ sí a ceann roinnt siar ar a guailne, agus ċuir sí gob uirre féin agus ṫosnuiġ sí:
“Ar maidin moċ a ġaḃas amaċ Ag dul dtí’n scoil dom féin, Scian a’s forc go taḃail im’ ġlaic, A’s lonnraḋ te lem’ ṫaoḃ. Ag taisteal dom tré ṗluide a’s gúṫ, A’s mo ċaḋp go hárd ’san aer, Cad a ġeoḃainn lem’ ais aċ smeura deas Agus áirniḋe blasta geur.”
“Is ait an tsliġe atá an ċaint sin agat,” arsaiġ an Gárlaċ.
“Tá sé ċoṁ ait agus do-ġeoḃaḋ sé a ḃeiṫ,” arsaiġ an Ollṗiast, “ní mar sin d’airiġinn-se an t-aṁrán sin in aon ċor le linn m’óige.”
“Níor airiġ mise riaṁ im’ ṡaoġal é,” arsaiġ an Gárlaċ, “agus rud eile ḋe, is dóiġ liom gur ráiméis ar fad é.”
Ní duḃairt Eiḃlís aon rud; ṡuiḋ sí síos agus a haġaiḋ foiliġṫe le n-a ḋá láiṁín aici, agus é ag rioṫ léi ná tuitfeaḋ aon rud amaċ i sliġe nádúrṫa go deo arís.
“Baḋ ṁaiṫ liom,” arsaiġ an Gárlaċ, “go ndeunfaḋ sí míniuġaḋ éigin dúinn air.”
“Ní ḃfuiġfeaḋ sí é ṁíniuġaḋ ḋuit,” arsaiġ an Ollṗiast. “Abair an ċeud ċeaṫraṁa eile.”
“Aċt, in ainm Dé!” arsaiġ an Gárlaċ, “cad a ḃí uaiṫe den scian agus den ḟorc?”
“Mar sin a ḃailiġtear smeura duḃa anois, is dóċa,” arsaiġ an Ollṗiast.