Page:Duan na Nodlag.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
17
DUAN NA NODLAG.

gclosaint an ḟocail rúnaiġ sin “daonnaċt” do Scrúd do ṫáinig gruaim air, is do ċroiṫ sé a ċeann, agus do ṡín sé na páipéir ċuige tar n-ais.

“San aimsir ṡaoireaṁail seo na bliaḋna, a Scrúig uasail,” ar an duine uasal, is é ag tógáil pinn ’n-a láiṁ “is ró-ċeart go ndeárnaimís treo éigin dos na boċt- ánaiḃ dealḃa, mar is mór é a ngáḃatar um an dtaca so. Is iomḋa míle ḋíoḃ atá ar easbaiḋ an ḃiḋ is an éadaiġ, tá na céadta mílte is gan na compóirdiḋe coitċéanna ḟéin aca.”

“Agus ná fuil na príosúin ann?” ar Scrúg.

“Táid a ndóṫain,” ar an duine uasal, is é ag cur an ṗinn uaiḋ.

“Agus an ḃfuil tiġṫe na mboċt i dtreo fós?”

“Táid,” ar an duine uasal. “Baḋ ṁaiṫ liom dá ḃféadfainn a ráḋ ná fuilid.”

“Tá muileann na gcos agus dliġe na mboċt go beo- abaiḋ mar sin?” ar Scrúg.

“Táid siad araon go ró-ḋíċeallaċ..

“A! ḃí eagla orm i dtaoḃ a nduḃrais ar dtúis gur ċosc rud éigin iad ar a sliġiḋ fóġanta,” ar Scrúg. “Tá áṫas orm ’n-a ṫaoḃ sain.”

“Is dóiġ le cuid againn,” ar an duine uasal, “naċ oireaṁnaċ iad ċum soineann cuirp is aigniḋ do ṫaḃairt do’n tsluaġ, agus táimíd ag iarraiḋ airgid do ḃailiuġaḋ ċum biaḋ is éadaċ, is cóir ċum a dtéiṫte do ċeannaċ dos na boċtaiḃ. Do ṫoġamar an aimsir seo, óir is í an aimsir i go cinnte i n-a moṫuiġtear an gáḃatar agus i n-a mblíonn áṫas ar luċt saiḋḃris. Cá ṁéid a ċuir- fead ós coṁair t’anma?

“Piuc,” ar Scrúg.