Page:Duan na Nodlag.djvu/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
17
DUAN NA NODLAG.

“B’ḟeárr leat gan t’ainm do leigean amaċ?”

“B’ḟearr liom go léigfiḋe ḋam i féiniḋ,” ar Scrúg “Ó d’ḟiafruiġeaḃar díom, a ḋaoine uaisle, cad é do b’ḟeárr liom, sin é ma ḟreagra-sa. Ní ḃím féin súġaċ um Nodlaig, agus ní’l sé do ġustal orm daoine díoṁaoine do ḋéanaṁ súġaċ. Do-ḃeirim caḃair dos na háiteaċaiḃ do luaḋas—ní beag liom a gcostas, agus téiḋeaḋ a ḃfuil go leaṫ-láṁaċ isteaċ ionnta.”

“Tá mórán ná féadfaḋ dul isteaċ, agus b’ḟearr le mórán eile bás d’ḟaġáil.”

“Más feárr leo bás d’ḟáġáil,” ar Sgrúg, “faġaidís bás, is laġaduiġidís léir-líonṁaireaċt na ndaoine. ’N-a ṫeannta sain, má’s é do ṫoil é, ní’lim deiṁneaċ de sin.”

“Aċt d’ḟéadfá ḃeiṫ,” ar an duine uasal.

“Ní hé na ġnó-sa é,” ar Scrúg.Ní beag do ḋuine eolas a ġnóṫa féin a ḃeiṫ aige, agus gan ḃeiṫ ag cur isteaċ ar gnóṫaiḃ daoine eile. Tá mo ġnó-sa mar ċúram orm-sa i gcoṁnuiḋe. Slán beo ċúġaiḃ, a ḋaoine uaisle.”

Óir ḃa léir dóiḃ nár ḃ’aon ṁaiṫeas ḃeiṫ leis, do ḃogadar na huaisle a mbóṫar, agus do luiġ Scrúg arís ar a ċuid gnóṫa, le breis ṁeárṫa ar féin, agus le haigneaḋ níos sultṁaire ná mar ba ġnáṫaċ leis.

An tráṫ so do ḃí an ceó is an dorċadas ċoṁ mór sain go raiḃ daoine ag riṫ annso is annsúd le tóir- siḋiḃ lonnraċa ag iarraiḋ go léigfiḋe ḋóiḃ siuḃal roiṁ ċapallaiḃ a ḃí fá ċarráistiḋiḃ d’ḟonn iad do stiúruġaḋ ’san tsliġiḋ. Níor ḃ’ḟéidir sean-ċloigṫeaċ an teampuill d’ḟeicsint, é sin go mbíoḋ a ṡean-ċlog ulfairteaċ ag taḃairt súil-ḟéaċaint claoine ar Scrúg ó ḟuinneoig Ġotaic ’san ṁúr—agus do ḃuail na huaire