Page:Duan na Nodlag.djvu/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
16
DUAN NA NODLAG.

“Go n-éiriġiḋ do ḃóṫar leat,” ar Scrúg. “Tá caṫuġaḋ mo ċroiḋe orm tú ḃeiṫ ċoṁ do-ġluaiste sin. Ní raiḃ aon níḋ eadrainn riaṁ go raiḃ leiġeas agam-sa air. Aċt ṫugas an iarraċt so i n-uṁallaċt do’n Nodlaig, agus leanfad dom ṡoilḃreaċt Nodlagaṁail go deireaḋ. ’Seaḋ, Nodlaig ṡúgaċ ċúġat, a úncail.”

“Go n-Éiriġiḋ do ḃóṫar leat,” ar Scrúg.

’Na ṫaoḃ sain d’ḟág a ġarṁac an seomra gan focal feargaċ a ráḋ. Do stad sé ag an ndoras leasmuiġ ċum fáilte na Féile d’ḟearraḋ do’n ċléireaċ. Is dá ḟuaire an cléireaċ ba ṫeoġa é ’ná Scrúg, mar is caraideaṁail do ḟreagair sé.

“Sin duine eile,” ar Scrúg fá n’ḟiacail—mar ḃí sé ag éisteaċt leis—mo ċléireaċ le n-a ċúig déag ’san tseaċtṁain, agus bean is clann aige, ag tráċt ar Nodlaig ṡúgaiġ. Imṫeoċad-sa ar gealtaiġ.”

Ar léigeant amaċ ġairṁic Scrúig do’n ḃfear buile seo, do léig sé isteaċ beirt eile. Daoine uairle teann, spéiseaṁala do b’eaḋ iad, agus do ṡeasuiġeadar ceann- noċtuiġṫe i n-oifig Scrúig. Ḃí leaḃair is páipéir ’n-a láṁaiḃ aca, agus d’uṁluiġeadar dó.

“Scrúg agus Meárlaí, is dóiġ liom,” ar ceann dos na huaisliḃ, is é ag féaċaint ar a ċunntas. “Cia aca Scrúg ná Meárlaí go ḃfuil sé mar ḃail arm agallaṁ?”

“Tá an duine uasal Meárlaí marḃ le seaċt mbliaḋ- naiḃ. Fuair sé bás seaċt mbliaḋna is an oiḋċe anoċt go beaċt.”

“Ní’l aṁras orainn ná go leanann a ḃeo-ċumann dá ḋaonnaċt fós,” ar an duine uasal, is é ag síneaḋ a ṗáipéar ċuige.

Is fíor gur lean, mar dob aon traġas aṁáin iad. Ar