Page:Duan na Nodlag.djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
15
DUAN NA NODLAG.

ḃóṫair díoḃ go áiteaċaiḃ cile. Dá ḃríġ sin, cioḋ nár ċuir an aimsir sin aon ór ná airgead im ṗóca, is é mo ṫuairim go ndeaċaiḋ sí ċun maiṫeasa ḋam, agus go raċaiḋ, agus go neartuiġiḋ Dia léi; sin é a deirim-se.”

Da ḃuail an cléireaċ ’san droṁlaċ a ḃasa, ní raiḃ leiġeas aige ar féin. Aċt láiṫreaċ baill ’nuair ḃraiṫ sé go sraiḃ rud éigin as an sliġiḋ déanta aige, do luiġ sé ar an dteiniḋ do ġríosuġaḋ, is do ṁúċ an smól deireanaċ di go bráṫ.

“Faġaim gíog eile asat,” ar Scrúg, “agus caiṫfir an Nodlaig le coilleaṁaint do ċuid oibre! Is láidir an t-óráideoir tú,” ar sé, ag féaċaint anonn ar a ġarṁac, “Is iongnaḋ liom ná téiḋeann tú go dtí an Ċoṁairle,”

“Ná ḃíoḋ fearg ort, a úncail. ’Seaḋ, tar ċum dín- néir ċúġainn i mbáraċ.”

Duḃairt Scriúg go ḃfeiceaḋ sé ag an nd——é, Duḃ- airt, im basa, is níor ċuir sé aon-ḟiacail ann. Duḃairt sé go ḃfeiceaḋ sé ’san áit sin ar dtús é

“Cad é a ċúir?” ar an garṁac, “cad é a ċúir?”

“Cad é a ċúir gur ṗósais?” ar Scrúg?

“Mar do ṫuiteas i ngráḋ.”

“Mar do ṫuitis i ngráḋ!” ar Sgcrúg go madraṁail, i dtreo gur ḋóiġ leat gur b’é sin an níḋ aṁáin ba díċéilliḋe ’ná Nodlaig ṡúġaċ. “Go n-éiriġiḋ an lá leat.”

“Ar ndóiġ, a úncail, níor ṫángaís riaṁ dom ḟéaċaint roiṁ an ḃirt sin. Cad é an ċúis duit é ṫaḃairt mar leiṫ-scéal anois?”

“Go n-éiriġiḋ do ḃóṫar leat,” ar Scrúg

“Níl aon-níḋ uaim ort; nílim ag iarraiḋ aon-neiṫe ort; cad n-a ṫaoḃ ná beimís cneasta le ċéile?”