Page:Duan na Nodlag.djvu/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
14
DUAN NA NODLAG.

is gan ḃeiṫ uair an ċluig níos saiḋḃre; am i n-a gcaiṫir suas do leaḃair cunntais, agus gaċ brúire d’á ḃfuil ionnta le ḋá ṁí ḋéag id ċoinniḃ go feiḋmeaṁail? Dá ḃfaġainn-se mo ṫoil,” ar Scrúġ, go mí-ċéadfaċ, “do ḃeirḃeoċainn i dteannta a ṗutóige féin gaċ óinseaċ aca so ḃíonn ar siuḃal agus Nodlaig ṡúgaċ ’n-a ḃéal, agus do ċuirfinn é is cuaille cuilinn tré n-a ċroiḋe; sin é ḋéanfainn leis!”

“A Úncail, O!” ar an garṁac, ag aṫċairt air.

“A ġairṁic,” ar an t-úncal go tur, “caiṫ do Nodlaig cibé sliġe is maiṫ leat, agus léiġ daṁ-sa í ċaiṫeaṁ im’ ṡliġiḋ féin.”

Í a ċaiṫeaṁ?” ar a ġorṁac, “dar ndóiġ ní ċaiṫeann tusa í.”

“Léig dam gan í ḃac mar sin,” ar Scrúg. “Maiṫ is sláinte go ndéanaiḋ sí ḋuit-se! Is mór do sinne sí do ṁaiṫeas riaṁ duit!”

Is dóċa gur iomḋa rud do ḋéanfaḋ maiṫeas dam, is ná deaċaiḋ ċum suime ḋam, agus an Nodlaig ċoṁ naiṫ leo,” ar an garṁac, “aċt, go deiṁin, i gcoṁnuiḋe nuair a ṫagann Féile na Nodlag téiṫeann mo ċroiḋe léi mar aimsir ṁaiṫ–is gan an urraim do ḃaineann le n-a hainm is le n-a céad-ṫornuġaḋ do ḃac, cioḋ gur deacair an urraim sin do ḋeiġilt ó aon níḋ ḃaineann léi–cuiṁniġim ar aimsir ċaradaṁail, ṁaiṫteaṁail, ċarṫannaiġ, ṡoilḃir, an aon aimsir aṁáin i riṫ na bliaḋna go léir i n-a leaṫaid fir is mná d’aon-toirc go fairring a gcroiḋe daingean ag féaċaint ar an muinntir a ḃlíonn níos ísle ’ná iad féin, fé mar d’ḟéaċaidís ar a gcoṁ-ṫuraisteoiriḋiḃ go dtí an saoġal eile, agus ní mar d’ḟéaċaidís ar ṡaġas éigin eile d’ainṁiḋṫiḃ ag cur an